Leabhar 66 leathanach oibre bunaithe ar na sé leabhar sa tsraith Lúsaí - lán le cleachtaí meaitseála, cleachtaí scríbhneoireachta, cleachtaí ar aithint focal agus frásaí, cleachtaí cainte, cleachtaí cumadóireachta, cleachtaí léirmheastóireachta, agus leathanaigh spraoi. Tá na gníomhaíochtaí ar fad taitneamhach agus páiste-lárnach. Tá an leabhar gníomhaíochtaí seo bunaithe ar an tsraith Lúsaí, sraith sé leabhar ina gcasann an léitheoir ar chailín óg i suíomhanna éagsúla a aithníonn siad: sa bhaile, ar scoil, sa leabharlann, sa choill, sa pháirc dúlra, ar an bhfeirm. Forbraítear stór focal agus nathanna cainte oiriúnacha i gcomhthéacs na suíomhanna sin.
Níl Mac Tíre sásta siúl in áit ar bith níos mó. Tá sé tuirseach den siúl! Ach mura bhfuil sé sásta siúl, an mbeidh air carr a thiomáint, eitilt in eitleán, nó seoladh i mbád? Sraith trí phictiúrleabhar don aoisghrúpa 4-7 mbliana. Sna scéilíní deasa seo is iad na rudaí céanna a dhéan=ann imní do Mhac Tíre agus a bhíonn ag déanamh imní do gach páiste — an grá; siúl ar scoil; a bheith cróga, srl. Leabhair álainn soláimhseáilte iad le léamh os ard sa bhaile nó ar scoil.