€9.00 (bog), 80 lch; ISBN 978-0-898332-52-0
Leabhar 66 leathanach oibre bunaithe ar na sé leabhar sa tsraith Lúsaí - lán le cleachtaí meaitseála, cleachtaí scríbhneoireachta, cleachtaí ar aithint focal agus frásaí, cleachtaí cainte, cleachtaí cumadóireachta, cleachtaí léirmheastóireachta, agus leathanaigh spraoi. Tá na gníomhaíochtaí ar fad taitneamhach agus páiste-lárnach.
Tá an leabhar gníomhaíochtaí seo bunaithe ar an tsraith Lúsaí, sraith sé leabhar ina gcasann an léitheoir ar chailín óg i suíomhanna éagsúla a aithníonn siad: sa bhaile, ar scoil, sa leabharlann, sa choill, sa pháirc dúlra, ar an bhfeirm. Forbraítear stór focal agus nathanna cainte oiriúnacha i gcomhthéacs na suíomhanna sin.
Cothaíonn na pictiúir lándaite spéis sa léitheoireacht agus tacaíonn siad le forbairt scileanna díchódaithe an léitheora. Is foinse iad freisin a chabhróidh chun foclóir, agus scileanna éisteachta agus labhartha an pháiste a fhorbairt ar bhealaí éagsúla.
Na leabhair eile sa tsraith Lúsaí:
Ciúnas sa Leabharlann
Amadán Aibreáin
Cuairt ar an bhFeirm
Níl Cead Snámh sa Loch
Mamó agus an Phearóid
Luch sa Rang
Tuilleadh gníomhaíochtai agus spraoi ar an suíomh: Lusai.ie
Léirmheas in InTouch
"Cuirtear réimse gníomhaíochtaí ar fáil a chabhróidh chun scileanna litearthachta an phaiste a fhorbairt, agus a dhaingniú. Tá cleachtaí meaitseála, cleachtaí scríbhneoireachta, cleachtaí ar aithint focal agus frásaí, cleachtaí cainte, cleachtaí cumadóireachta, cleachtaí léirmheastóireachta agus leathanaigh spraoi sa leabhar.
Cuirtear go mór le stór focal na bpáistí agus ag an am céanna baineann siad taitneamh as na gníomhaíochtaí. Tagann forbairt ar na scileanna éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta ar bhealach comhtháite, rud a thagann leis na moltaí atá in Curaclam na Bunscoile 1999."
-Máire Nic an Rí & Bríd Ní Dhonnchadha, InTouch