Craos

Darach Ó Scolaí

12.00

80 lch; clúdach bog; ISBN 978-0-898332-31-5

Is é Craos an tríú dráma sa tsraith Trí Bhraon a phléann leis an mbréag agus le saol na Gaeltachta agus na Gaeilge fré chéile. Fearacht an dá dhráma eile sa tsraith, Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos (atá ar fáil mar leabhair ó Leabhar Breac), tugann Craos faoin ábhar tromchúiseach seo le greann dubh agus neart spraoi. Ní hionann agus an dá dhráma eile a léirítear ar chúlra áiféiseach nó osréalaíoch teannann Craos níos gaire do shuíomh coitianta an dráma cistine sa chaoi a suitear é i mbialann tuaithe ina bhfuil bean an tí, Nóra, i ndomhan fantaisíochta dá cuid féin, agus muintir an tí ar a ndícheall ag iarraidh an saol bréige atá cruthaithe aici di féin a chaomhnú di. Ach nuair a éiríonn rómhaith leis an gcur i gcéill, agus nuair a shocraíonn Nóra tuilleadh oibre a bhaint as muintir an tí, cuireann an bhean óg, Caitlín, cos i dtaca. “Tá rudaí ag dhul ag athrú sa teach seo,” a deir Caitlín. Agus bydad tá!

Rinne an compántas Salamandar camchuairt na tíre i 2008 leis an dráma seo a dtugann an Irish Times “dráma grinn [air] a bhfuil ábhar machnaimh ann, aisteoireacht den scoth, agus caint spleodrach deisbhéalach”.