The history, folklore, and the stories of the parish and people of Muycullen in Connemara, collected in this beautiful volume by a writer who was born and reared in the parish. There is much here to delight the reader who has in interest in our people's culture, and over 80 items of folklore brought together here — pishrogues fairy tales, humorous tales, rhymes and much more.
"NA 10 gCNUASACH FILÍOCHTA IS FEARR Ó CHASADH AN CHÉID!" — Comhar Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Ní hamháin go léiríonn sí acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith as friotal filíochta na Gaeilge ar shlí a chruthaíonn arís a mórchumas teangan agus samhlaíochta. Taitneoidh an leabhar seo chomh mór le léitheoirí Rilke is a thaitneoidh sé le léitheoirí Mháire Mhac an tSaoi.
A handsomely produced book with a wide variety of material, including original work by Máire Mhac an tSaoi, Aifric Nic Aodha, Seán Mac Mathúna, Séamas Mac Annaidh, Gordon McCoy, Diarmuid Breathnach, Séamas Ó Ssiocháin, Mícheál Ó Suilleabháin, Éamon Ó Cuív, Proinsias Mac Aonghusas, Mícheál Ó Cróinín, Alan Dukes, Biddy Jenkinson, Máire Ní Annracháin, Liam Mac Cóil, Darach Ó Scolaí, Nuala Ní Dhomhnaill, Sean Ó Curraoin, Seán Mac Réamoinn, Robbie Hannann, Méabh Ní Chléirigh and others, and essays on subjects from the unification of Ireland (Éamonn Ó Cuiv) to the Treaty of Amsterdam (Alan Dukes).
Tá aithne forleathan ar an údar seo mar shaineolaí ar fhilíocht na mbard ón Nua-Ghaeilge Mhoch anall, go háirithe mar gheall ar an staidéar atá déanta aici ar na dánta ina gcomhthéacs stairiúil. Cuireann an leabhar seo lenár dtuiscint ar an bhfilíocht sin agus ar an athrú a tháinig le himeacht aimsire ar thuiscint na bhfilí féin ar an gcaidreamh daonna. Maisiú ar an leabhar is ea an stíl réidh sholéite tríd síos, agus is ábhar spéise a bhfuil le rá ag an údar faoi chuid de na dánta is cáiliúla sa Ghaeilge d’éinne a bhfuil spéis aici i dtraidisiún filíochta na Gaeilge.
Sa leabhar breá sómasach seo déantar iniúchadh, ní hamháin ar cheol Stanford agus ar cheol na nGael, ach ar chúlra cultúir an chumadóra chlúitigh seo. Go deimhin, ní minic leabhair Ghaeilge ag scrúdú an tSasanachais, mar atá déanta sa leabhar seo a théann i ngleic le ceist an Éireannachais agus le ceist an tSasanachais, agus lena bhfuil i gceist le bheith i d'Éireannach anglafónach, agus i do Ghael.
Buaiteoir Ghradam Ui Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Lairge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoinn a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi. Ó pheann dhuine de phríomhfhilí na hÉireann an t-úrscéal seo, leabhar a bhfuil pearsa staire atá gar do chroí an fhile mar ábhar ann — Gearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan (1335-1398), taoiseach, leasrí, file — an fear ar bhaist na Gaeil ‘Gearóid Iarla’ mar ainm air. “Is seoid drithleach atá sa leabhar seo. Tá cur síos ann atá chomh beo, chomh braiteach, chomh lán de chroí is de nádúr, le haon rud atá léite agam le fada an lá, in aon teanga. Is fada ó bhraith mé chomh gar do shuíomh agus do phearsana staire. Anuas air sin tá giotaí comhrá agus cainte ann atá chomh blasta sin nach bhfuil aon tsamhail agam orthu ach mar a bheadh gráinní salainn ar an lus súgach, a bhaineann geit phléisiúrtha asat agus a chuireann fonn ort a thuilleadh a bhlaiseadh. Tá daonnacht agus grinneas agus dea-stíl scríbhneoireachta sa leabhar seo chomh maith le haon rud atá scríofa.” —Liam Mac Cóil "Léiriú ar mhianta, ar bhriseadh croí, ar fhulaingt, ar dhaonnacht mhóruaisle agus ghnáthdhaoine. Sin bua Mháire Mhac an tSaoi, bua na samhlaíochta.... Tá sí ina máistir go hiomlán ar an gceird." —Tadhg Ó Dúshláine, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta. "Éiríonn le Máire Mhac an tSaoi an cúlra staire a shníomh isteach san úrscéal ar bhealach an-chaolchúiseach." — Meidhbhín Ní Úrdail, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta. "Mac an tSaoi has not only written a beautiful and natural ode to a forgotten era of Irish life, an ode characterised by its humanity and poetic language but she has also usurped some of the more recent traditions that circumscribed the image or representation of Gearóid Iarla." — Micheál Ó hAodha, Dublin Review of Books Léirmheas ar Scéal Ghearóid Iarla ar an Dublin Review of Books Scéal Ghearóid Iarla ar Clubleabhar.com Físeáin Máire Mhac an tSaoi ag léamh as Scéal Ghearóid Iarla Agallamh le Máire Mhac an tSaoi faoi Scéal Ghearóid Iarla Scéal Ghearóid Iarla ar fáil mar ríomhleabhar don Khindle (amazon)
I gcnuasach nua seo Uí Shearcaigh, tá a réim radhairc agus a raon tuisceana níos leithne ná riamh; an domhan sofheicthe agus an domhan dofheicthe á dtabhairt le chéile aige faoi gheasa glé an bhriathair; an léirfhocal cruinn agus an léargas grinn i dtolamh i bhfeidhm i ndéantús an dáin.
I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais.
Seo é an chead úrscéal le Pádraig Ua Maoileoin. D'fheadfaí 'Lá Lá i nDún Chaoin'; a bhaisteadh ar Bríde Bhán. Tá an scéal seo fáiscthe isteach i dhá lá i saol an pharóiste agus is ionann an dá lá sin agus dhá chead bliain i saol na hÉireann. Bréag-ghaiscer agus fir is mná ag imeacht seasc.., breeoiteacht mhór an tsaoil, agus fonn luí le bean ar gach aon fhear. Úrscéal cumhachtach saibhir ina leagann an t-údar méar ar cheann de ghalair mhóra shóisialta na tíreas miocracasm an tsaoi i bparóiste beag amháion in Éirinn.