Treibheanna na Machairí Móra
Indiaigh, Bundúchasaigh Mheiriceá, nó an Chéad Náisiún, a thugtar ar an bpobal dúchasach seo a mhaireann i lár Mheiceá Thuaidh. Ar na treibheanna sin tá an Cheyanne, an Comanche, Lakota, agus Apache.
Go traidisiúnta, treibheanna nomadacha a bhí sa chuid is mó díobh. Mhair siad ar fheoil an bhuabhaill, ach go háirithe, agus ghluais siad ó áit go háit ag leanúint na dtréada móra buabhall sna Machairí Móra. Chomh maith leis an mbuabhall, dhéanaidís seilg ar ainmhithe eile freisin, agus ba as craicne ainmhithe a dhéanaidís éadaí agus bróga. Chaitheadh na fir ceannbheart cleití ag searmanais de chuid na dtreibheanna.
An Típí
Ba i dtípíeanna déanta as craiceann an bhuabhaill a bhídís ina gcónaí. Bhí cruth cóin ar an típí. Chuiridís cuaillí fada adhmaid ina seasamh in airde ar dtús, agus cheanglaídís le chéile iad. Ansin chrochaidís clúdach an típí in airde ar na cuaillí. Craicne buabhaill fuaite le chéile a bhí sa chlúdach, agus bhíodh sé daite agus maisithe le healaín na treibhe. Bhí sé éasca a bhaint anuas, agus é a iompar leo le socrú suas arís in áit eile.
An Capall
Le teacht an fhir bháin go Meiriceá, tháinig na hIndiaigh ar chapaill. D’athraigh na capaill a gcultúr ó bhonn. Go dtí sin, bhíodh madrai acu chun a gcuid maoine is trealaimh ar fad a tharraingt ina ndiaidh. Chabhraigh na capaill leo na buabhaill a leanúint agus a mharú go héasca. Bhíodh treada móra capall ag na treibheanna, agus bhain na hIndiaigh cáil ar leith amach mar mharcaigh.
An Bhliain ar na Machairí
San earrach, nuair a bhíodh na capaill beata tar éis an gheimhridh fhada, théadh na hIndiaigh amach ina mbuíonta ag fiach na dtréadta buabhall. Sa samhradh chrúinníodh na buíonta beaga le chéile i gcampaí ollmhóra, Ba ansin a chastaí ceannairí na dtreibheanna le chéile agus a réiteofaí aighnis eatarthu. Ba ann freisin a chastaí fir is mná óga ar a chéile agus a bpóstaí iad. San fhómhar d'imíodh na hIndiaigh ina mbuíonta beaga seilge chun ainmhithe a mharú agus feoil a chur i dtaisce don gheimhreadh fada crua. Ba sa tréimhse gairid idir seilg an fhómhair agus an geimhreadh, a dhéantaí cogadh go hiondúil. Dhéanadh buíonta cogaidh ruathair ar champaí a chéile, ag goid capall is ag slad. Le titim an tsneachta, shocraíodh na hIndiadgh sios don gheimhreadh aris.
Creideamh
Bhí a gcreideamh féin ag treibheanna éagsúla, ach chreid siad ar fad go raibh a spiorad féin, nó a anam féin, i ngach rud beo. Agus ba é an Domhan máthair gach spiorad. Bhíodh deasghnátha speisialta acu, agus ba iad na fir leighis a bhíodh i bhfeighil orthu. Ar na deasghnátha sin, bhí Damhsa na Gréine. Íobairt phearsanta a bhí i nDamhsa na Gréine ar mhaithe leis an ngrúpa nó leis an treibh. Sa samhradh, tar éis seilg an earraigh, bhailíodh na treibheanna le chéile ina gcampaí móra agus reachtáilidís Damhsa na Gréine agus searmanais eile. Cé gur chuir na fir bhána brú ar na hIndiaigh glacadh leis an gCríostaiócht, níor éirigh leo a a gcreideamh a chur faoi chois, agus tá a gcreideamh féin go láidir fós ina measc.
Na Fir Bhána
Tháinig na chéad fhir bhána go Meiriceá Thuaidh sa 16ú hAois agus, de réir a chéile, bhrúigh siad na hIndiaigh amach as a dtailte agus thiomáin siad siar iad. De réir mar a bhí níos mó den phobal bán ag teacht as an Eoraip go Meiriceá Thuaidh bhí na hIndiaigh á marú agus á gcur as a dtailte acu. Mharaigh na fir bhána sléacht ar na tréada buabhall ionas nach mbeadh bia ar fáil do na hIndiaigh. Chuir siad iallach ar formhór na nIndiach, ansin, glacadh le saol agus le slí bheatha na bhfear bán. Anois, maireann formhór na nIndiach i mbochtaineacht agus níl ach stráicí beaga talaimh fágtha acu.