A leithéid de thubaiste! Bhí piléar mór tar éis poll a chur sa seol mór! 'A Chaptaein Plúr, tabhair dúinn d'órchiste nó cuirfimid go tóin poill thú!' Tháinig creathán ar Chleite nuair a d'aithin sé glór gránna an Chaptaein Féasóg Bhearrtha. 'Órchiste?' arsa an Captaen Plúr. 'Cén t-órchiste?'
Cén t-órchiste atá á lorg ag an gCaptaen Féasóg Bhearrtha? Agus Mama Plúr ag súil le páiste! Tá Muintir Phlúir i mbaol, ach cé a thiocfaidh i gcabhair orthu?
Tá an long foghlaithe mara An Bolg Lán faoi ionsaí ag plandaí móra millteacha agus tá Muintir Phlúir i dtrioblóid. Caithfidh Cleite agus a chairde stop a chur leis na plandaí‘Tá siad cosúil le...le plandaí a itheann daoine...' a deir Cleite go himníoch. ‘Tá,' a deirt Péarla. ‘Plandaí feoilsúiteacha.' Bhí eolas ag Péarla ar a leithéidí - bhain sí le treibh chanablach. ‘Ní féidir é!' a dúirt Cleite go scanraithe. Bhí na bláthanna ag fás níos mó. ‘A Dheaide,'a bhéic Mama Plúr.‘Cé as ar tháinig na plandaí seo?'
'Chun bróga a dhéanamh, teastóidh craiceann ainmhí uaim,' arsa taoiseach na dTípíonna Beaga lena mhac. 'Mar sin, tabhair dom bogha,' arsa Níotú, 'agus maróidh mé na hainmhithe is fearr ar domhan chun na craicne is fearr a fháil.' Is mac le taoiseach na dTípíonna Beaga é Níotú, agus taispeánfaidh sé don treibh ar fad gurb eisean an sealgaire is fearr!
'Treoróidh an cleite dearg go dtí an ollphéist thú,' ar séos íseal. Déanfaidh an cleite buí fíorbheag thú, agus ceanglóidh tú an cleite dubh den tsaighead chun an ollphéist a mharú.' Níl deoir uisce fanta i mbaile na dTípíonna Beaga! Tugann an Fear Feasa cúnamh do Níotú imeacht, faoi rún, chun an 'scamall-iteoir' a ruaigeadh.
‘Níor cheart duit dul rófhada i d’aonar,’ arsa an t-ulchabhán leis. ‘Ní cara le páistí í an oíche.’
‘Is gaiscíoch de chuid na dTípíonna Beaga mé. Táim ag cuardach béirín atá imithe ar strae.’
‘Tá sé i ndroch-chomhluadar,’ arsa an t-éan.
‘Go díreach! Ná cuirimis aon am amú. Seo linn,’ arsa Níotú.
Agus an oíche ag titim, feiceann Níotú lorg béir sa sneachta. Tá an tIndiach beag cinnte go bhfuil an béar i gcontúirt agus téann sé ina dhiaidh tríd an bhforaois chun cabhrú leis....
Bhí an canú ag imeacht go fíorsciobtha! Agus bhí an abhainn ag coipeadh mar a bheadh uisce i bpota os cionn na tine!
‘Cén fáth a bhfuil an sruth ag éirí níos láidre?’ arsa Níotú. BrrrrrrrrrRRR!
‘Ó, a Mhamaí!’ arsa an tIndiach beag. ‘Eas!’
Gan cead óna athair, téann Níotú ag spraoi i gcanú ar an abhainn. Is gearr go dtugann an canú le sruth é. Cén chaoi a dtiocfaidh an tIndiach beag slán?
Sé úrscéal mhaisithe atá sa bhailiúchán 'Níotú' don aoisghrúpa 7+, sé scéal faoi indiach beag dearg, agus a chuid cairde. Leabhair ghleoite atá sa bhailiúchán faoi na heachtraí a bhaineann do Níotú agus a chairde, agus an nádúr agus an timpeallacht mar chúlra le gach scéal. Leabhair iad seo a mhúineann tabhacht an nádúir don ghasúr.