Tá Gráinne Mhaol ar dhuine de na mná is clúití i stair na nGael. Mairnéalach cróga a bhí inti, máthair, agus bean taoisigh, de shliocht uasal Uí Mháille. Óna caisleán ar oileán Chliara thug sí dúshlán na bhfear ar muir agus ar tír.
Kingston, Iamáice, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, téann Louise Bheag agus Benjamin chun farraige sa tóir ar a n-athair, an foghlaí mara clúiteach, an captaen Roc. Gabhann cabhlach Shasana iad, agus caitear i gcillín iad in oileán Iamáice. Ach le chéile, faigheann siad cabhair ó na foghlaithe mara, Parabas agus Marie Dhearg, agus déanann siad iarracht éalaú ó Iamáice le dul sa tóir ar a n-athair arís. Ach ní hiad amháin atá ar a thóir!
Tá an grá agus and t-éad fite ina chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann an banphrionsa álainn Gráinne an laoch mór Diarmaid faoi gheasa í a bhreith leis ón bhfear a bhfuil sí geallta dó. Ach is é Fionn mac Cumhaill ceannaire na Féinne an fear sin, agus nuair a bhaintear Gráinne de téann sé féin agus an Fhiann sa tóir ar dhíoltas. Sárinsint ó thús deireadh agus sárléiriú ealaíonta le Michael McGrath ar cheann de phríomhscéalta na fiannaíochta.
An tAigéan Atlantach, sa bhliain 1660. Ar bord Ordóg na Feirge agus iad sa tóir ar a n-athair, cuireann Louise Bheag agus Benjamin eolas ar shaol na mara. Agus baintear obair astu! Tar éis dóibh teacht slán as stoirm uafásach ar an bhfarraige, fágtar an bheirt ar long na dtaibhsí!
1918: Fágann Corto Maltese Hong Cong le dul ar lorg órchiste an Tsáir. Ar a bhealach trasna na Mongóile agus na Sibéire, in éineacht lena sheanchomrádaí, Raspúitín, cuirtear tús le heachtra ina gcastar sóivéidigh is náisiúntóirí orthu, traein armútha is eitleán cogaidh, Cosacaigh is Sínigh, fir chróga is geilt!