Fionn mac Cumhaill agus an Fhiann
Fir throda agus fir seilge a bhí san Fhiann. De réir na scéalta, mhair siad le linn réimeas na nArdríthe Conn Céadchathach agus Cormac mac Airt. Chaith siad leath na bliana, ó Bhealtaine go Samhain, ag fiach agus ag saighdiúracht don Ardrí, agus an dara leath den bhliain, ó Shamhain go Bealtaine, i dtithe ríthe agus tiarnaí na hÉireann, i mbun fleá, féasta agus scéalaíochta. Féinní a thugtar ar bhall den Fhiann, agus rífhéinní ar a gceannaire.
An Féinní
Chun áit a bhaint amach san Fhiann, chaithfeadh an féinní óg a thaispeáint go raibh sé lúthchosach, láidir. Chaithfeadh sé a bheith in ann rith trí choill agus naonúr den Fhiann á leanúint le sleánna, agus dealg a bhaint dá chois gan stopadh; agus chaithfeadh sé a bheith in ann é a féin a chosaint i bpoll sa talamh agus naonúr haiscíoch ag caitheamh sléanna leis. Deirtear gurb iad trí thréithe na Féinne: Glaine ár gcroí, Neart ár ngéag, Agus beart de réir ár mbriathar.
An tArdrí
I dTeamhair a mhair an tArdrí. Deirtear gurb é an tArdrí Conn Céadchathach a thóg cúig bhóthar mhóra na hÉireann. Bhí rath ar an tír lena linn. Ina dhiaidh tháinig a mhac, Art Aonair, agus an rí Muimhneach Mac Con. Ina ndiaidh siúd, tháinig mac mic Choinn Chéadchathaigh, Cormac mac Airt.
Deirtear gurbh é Cormac mac Airt an rí ma mhó a bhí ar Éirinn riamh. Tugadh Cormac Ulchafhada air mar go raibh féasóg fhada air. Bhí sé stuama agus bhí sé cóir. Chuir sé síocháin i bhfeidhm ar fud na tíre, agus bhí ráth ar mhuintir na hÉireann lena linn.
Cumhall
In aimsir an Ardrí Conn Céadchathach, ba é Cumhall mac Tréanmhór a bhí i gceannas ar an bhFiann. Bhain Cumhall le Clanna Baoiscne i gCúige Laighean. Bhí sé ina iomaíocht sheasta idir dhá dhream mhóra san Fhiann an t-am sin, Clanna Baoiscne i gCúige Laighean agus Clanna Morna i gConnachta, agus idir a gceannairí siúd, Cumhall mac Tréanmhóir agus Goll mac Morna. Laoch mór láidir ab ea Goll. 'Goll mear míleata' a thugadh na filí air.
Thug Cumhall grá do Mhuirne, iníon leis an draoi Tadhg mac Nuat. Níor mhian le Tadhg go mbeadh a iníon mar bhean ag Cumhall, agus d'éalaigh an bheirt acu le chéile. D'ordaigh an tArdrí do Chumhall Muirne a thabhairt ar ais chuig a hathair, ach dhiúltaigh sé é sin a dhéanamh. Ruaig an tArdrí Cumhall agus chuir sé Goll i gceannas ar an bhFiann ina áit.
Bhailigh Cumhall a mhuintir agus thug siad aghaidh ar arm an Ardrí agus, ag Cath Chnuca, bhris an tArdrí agus Goll ar Chumhall agus Chlanna Baoiscne, agus mharaigh siad Cumhall. Baineadh an tsúil as Goll sa chath, agus is as sin a fuar se an leasainm 'Goll' — rud a chiallaigh 'súil amháin'. Thug Muirne léi mac Chumhall, naíonán beag, agus chuaigh sí i bhfollach i Sliabh Bladhma. Le faitíos go dtiocfadh Goll ar an bpáiste agus go maródh sé é, choinnigh sí an mac óg faoi rún sa choill. Fionn a tugadh mar ainm ar an leanbh.
Fionn
Nuair a bhí Fionn ina ógánach, mharaigh sé an Bradán Feasa agus, as sin, fuair sé bua an fheasa. Ní bhíodh le déanamh aige ach a ordóg a chur ina bhéal agus thagadh fios chuige.
D'fhás sé suas ina ghaiscíoch láidir, agus nuair a bhí sé in aois fir, chuaigh sé go Teamhair agus mharaigh sé an dóiteoir Ailléan. Bhí an tArdrí chomh buíoch de gur bhain sé ceannas na Féinne ó Gholl agsu gur thug sé d'Fhionn é. Gheall Goll go mbeadh sé dílis d'Fhionn. Bhí Fionn ina rífhéinní faoin ardrí Conn Céadchathach, agus ina dhiaidh sin, faoi Chormac mac Airt. Ba é an ceannaire ba cháiliúla ar an bhFiann é, agus insítear mórchuid scéalta faoina chuid gaiscí.
Oisín
Bhí mac ag Fionn leis an mbean sí Bládh Dearg. Deirtear gur tháinig sí chuig Fionn i riocht fia agus gur mheall sí léi é. Ba ar an gcúis sin a tugadh Oisín mar ainm ar a mac. Bhí bua na filíochta ag Oisín agus bhí sé ar dhuine de laochra móra na Féinne. Bhí mac aige féin agus Oscar a bhí mar ainm air. Ba é Oscar an laoch ba mhó a bhí ag an bhFiann.
Caoilte mac Rónáin
Mac le deirfiúr le Cumhall ab ea Caoilte mac Rónáin, fear reatha na Féinne. Deirtear go raibh sé chomh mear le gaoth an Mhárta. Bhí sé an-dílis d'Fhionn. Nuair a bhí Fionn in earráid leis an Ardrí shocraigh Caoilte go dtabharfadh sé bronntanas don Ardrí thar cheann Fhinn, chun deireadh a chur leis an troid a bhí eatarthu. Chuaigh sé ar fud na hÉireann agus bhailigh sé tréad mór ainmhíthe agus thiomáin sé go Teamhair iad, go dtí an tArdrí. Mhaith an tArdrí Fionn ansin.
Diarmaid ó Duibhne
Sárghaiscíoch ab ea Diarmaid ó Duibhne. Ba é a tháinig i gcabhair ar an bhFiann nuair a sáineadh iad sa Bhruíon Chaorthainn, agus chosain sé iad in aghaidh shluaite Rí an Domhain. Ba é a shaoraigh seachtar den Fhiann nuair a bhí siad fuadaithe ag an nGiolla Deacair. Ba í an Gha Dhearg an tsleá a bhí aige, agus ba é an Móralltach a chlaíomh.
Bhí bua ar leith aige les na mná. Deirtear go raibh ball seirce air (nó cineál spota ar a chraiceann) agus dá bhfeicfeadh bean é go dtitfeadh sí i ngrá leis. Tharla easaontas idir Fionn agus Diarmaid faoi Ghráinne iníon Chormaic mhic Airt. Bhí Gráinne geallta ag an Ardrí d'Fhionn mar bhean chéile, ach d'imigh sí le Diarmaid. Ruaig Fionn Diarmaid as an bhFiann. Ach bhí an-ghrá ag na féinnithe eile do Dhiarmaid, agus chruthaigh a imeacht deighilt mhór i measc na Féinne. Maraíodh Diarmaid ag seilg toirc ar Bhinn Ghulbain
Conán Maol mac Morna
Ba é Conán Maol an fear ba chantalaí san Fhiann. 'Conán maol mallachtach' a tugadh air. Gaiscíoch mór ramhar a bhí ann, ní raibh oiread is ribe ar a cheann, agus bhí dúil thar na bearta aige sa bhia agus sa deoch. Bhí teanga ghéar aige fresin agus ba mhinic é i mbun aighnis. Bhí Conán an-dílis dá dheartháir Goll agus do Chlann Morna.
Deireadh na Féinne
Nuair a fuair Cormac mac Airt bás, tháinig a mhac Cairbre Lifechair ina áit. Ní raibh aon ghean ag cairbre ar Fhionn. Chuir sé Goll in aghaidh Fhinn arís agus, cé gur ghéill Goll d'Fhionn roimhe sin, bhí teannas de shíor idir é féin agus Fionn, agus idir Clanna Morna agus Clanna Baoiscne. Ar deireadh troideach Cath Gabhra idir Fionn agus Clanna Baoiscne, ar thaobh amháin, agus an tArdrí agus Clann Morna, ar an taobh eile. Maraíodh Goll agus formhór de ghascígh Chlainne Morna. Ach maraíodh Oscar freisin, agus d'fhág an cath sin an Fhiann lag, gann bhrí, agus ba ghearr a mhair réimeas Fhinn ina dhiaidh sin.
© Leabhar Breac