Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac

Chugainn Feargal Ó Béarra agus an Tromdhámh!

Tromdhámh GuaireNí Buan Duine Tar Éis a Aortha

“Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a dhámh ar eiseamláir na féile — Guaire an Oinigh — agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí — is údar don aoirscéal binb-bhriathrach seo a cumadh thart ar an mbliain 1300,” a deir Feargal Ó Béarra san iarfhocal a chur sé leis an leabhar nua seo óna pheann, An Tromdhámh. “Scéal iltéamach ilchisealach é an Tromdhámh a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú haois, tréimhse a shamhlaítear le triúr dá mhórphearsana, Seanchán Toirpéist féin, Dallán Forgaill, agus Guaire an Oinigh – triúr a bhfuil screamh an tseanchais ina luí chomh tiubh orthu gur deacair an fhírinne ina dtaobh a cháitheadh ón mbréag.” Sa leagan nua-chóirithe seo, tugann an Béarrach slán friotal is foghar an tseanscéil go siamsúil soléite do léitheoirí na haoise seo.

Ba é Guaire Aidhne, nó Guaire an Oinigh, eiseamláir an traidisiúin sin; bhí sé ráite go raibh leathlámh leis níos faide ná an ceann eile i ngeall ar a dtugadh sé uaidh aisti. Lean cáil sin na féile de anuas go dtí ár linn féin sa leagan Chomh fial le Guaire. Ní hiontas ar bith, mar sin, gurb é eiseamláir na féile a chuirfeadh an t-údar i scéal den chineál seo.

Cac ar Oineach

Aoir atá sa scéal seo, agus mar a deir an sean-nath “Ní buan duine tar éis a aortha”. Más maith a thuig na huaisle sin, is fearr a thuig an t-aos dána é óir ba é spleáchas an oinigh agus an dea-chlú ar a chéile a choinnigh cuallacht righin eisiatach na bhfilí, (an chéad cheardchumann san Eoraip, mar a thug James Carney orthu) in uachtar ó Chataibh go Cléire ar feadh breis agus ceithre chéad bliain ó 1200 amach.

Ba iad na filí a chuireadh i bhfeidhm dlí an oinigh (cáin n-enech) agus is duine gan chéill nach ngéilleadh dóibh ar uamhan a n-aoire. Buntuiscint de chuid an tseanreachta ba ea gurb uaisle oineach ná anam, tuiscint a bhí le fáil freisin sa seanrá Is beo duine d’éis a anama ach ní beo d’éis a oinigh.

Níl áit is fearr a bhfeictear spléachas an dea-cháil agus na féile ar a chéile ná san fhocal oineach, focal a raibh dhá chiall leis: 1) céim sa saol .i. stádas sóisialta, agus 2) féile nó flaithiúlacht — níorbh ann do cheann in éagmais an chinn eile. Ba é an rud ba mheasa, ​​​seans, a chuirfí i do leith sa tseansochaí Ghaelach go raibh tú suarach, go ndearna tú feall ar oineach; bhí ainm dá réir ar an té a dhéanadh .i. cac ar oineach.

Dar leis an mBearrach san iarfhocal céanna, gur “eaglaiseach binb-bhriathrach anaithnid, a mhair i sochaí aicmeach nár dhual di an bladh in éagmais na féile, a chum an t-aoirscéal Tromdhámh Guaire thart ar 1300.

Leabhar í seo a chuirfidh gliondar is gáire orthu siúd nach geal leo filí na Gaeilge idir shean is nua!