Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
Duaisleabhar ar Ghearrliosta an Irish Book Awards
Fear an Spidéil agus a Throm-Dhuais
Scéal atá sa leabhar a bhaineann le mórchompántas (nó tromdhámh) sotalach santach filí a tháinig ar cuairt ar an rí Guaire agus nár fhág greim faoi chaolacha an tí aige — agus leis an díoltas trom a bhain Guaire amach ar na filí.
Ag tagairt d'fhógairt an ghearrliosta dó, is é a dúirt an t-údar, Feargal Ó Béarra, "Is deas é an t-aitheantas. Tá súil agam go léifidh daoine An Tromdhámh le faghairt is fuinneamh ach go ngabhfaidh siad ar thóir an bhunleagain freisin (Tromdhámh Guaire) go mblaise siad den saibhreas suaithinseach atá i dtaisce i litríocht na hÉireann."
Coisfharraigeach de dhúchas Mhaigh Eo é Feargal Ó Béarra. I mBothúna, ar an Spidéal, a tógadh é agus is i nGaillimh agus sa Ghearmáin a rinne sé léann. Tá tréimhsí caite aige i mbun taighde is teagaisc sa Ghearmáin, san Iorua, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, agus in Éirinn. Tá aithne i gConamara air mar fhear ceoil agus cloistear a chuid amhrán go minic ar an raidió. Is sa Bheilg atá sé ag cur faoi anois, agus é i mbun aistriúcháin i gComhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil. Seo í an chéad leabhar den chineál seo óna pheann, agus tá sé ag obair faoi láthair ar leabhar nua a bheas ar fáil in 2020.
Leabhair anall ón mBruiséil agus Duaiseanna Anonn
Is sa Bhruiséil atá cónaí ar Fheargal agus is ann atá sé ag obair mar aistritheoir. Go deimhin, ní hí seo an chéad leabhar ó scríbhneoirí na Beilge, ná an chéad duais a d'imigh chun na Bruiséile. In 2017 bhain an leabhar Conaire Mór le Diarmuid Johnson 'Leabhar na Bliana' amach agus in 2018 bhain Tuatha Dé Danann duais na Gaeilge san An Post Irish Book Awards. Foilseofar leabhar le Bruiséileach eile go gairid, Ar Luch agus ar Dhuine (Of Mice and Men) le John Steinbeck agus í aistrithe go Gaeilge ag Colmcille Ó Monacháin. Dar ndóigh, tá stair i bhfad siar ag baint le leabhair Ghaeilge sa Bheilg, ó bhí Aodh Mac Aingil, Flaithrí Ó Maol Chonaire agus Giolla Bríde Ó hEoghasa i mbun oibre i Lováin sa 17ú hAois, agus is deacair gan comparáid a dhéanamh idir scríbhneoirí bisiúla na Bruiséile inniu agus a gcomhscríbhneoirí Lobháin 400 bliain rompu.
Is díol suntais é gurb í seo an dara duais dá sórt a chuaigh go dtí an Bhruiséil le deireanas. Anuraidh ghnóthaigh Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson duais na Gaeilge san An Post Irish Book Awards. Dar ndóigh, tá stair i bhfad siar ag baint le leabhair Ghaeilge sa Bheilg, ó bhí Aodh Mac Aingil, Flaithrí Ó Maol Chonaire agus Giolla Bríde Ó hEoghasa i mbun oibre i Lováin sa 17ú hAois.
Ní Buan Duine tar éis a Aortha
Athinsint ar cheann de na mórscéalta sa Nua-Ghaeilge Mhoch í An Tromdhámh, aoir ó thús an 14ú hAois ina bhfuil insint ar chuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus ar shaint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí. Scéal iltéamach é Tromdhámh Guaire a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú haois, tréimhse a shamhlaítear le triúr dá mhórphearsana, Seanchán Toirpéist féin, Dallán Forgaill, agus Guaire an Oinigh. Sa leagan nua-chóirithe seo, tugtar friotal is foghar an tseanscéil slán go soléite do léitheoir na haoise seo.
Ba é Guaire Aidhne, nó Guaire an Oinigh, eiseamláir an traidisiúin sin; bhí sé ráite go raibh leathlámh leis níos faide ná an ceann eile i ngeall ar a dtugadh sé uaidh aisti. Lean cáil sin na féile de anuas go dtí ár linn féin sa leagan Chomh fial le Guaire. Ní hiontas ar bith, mar sin, gurb é eiseamláir na féile a chuirfeadh an t-údar i scéal den chineál seo.
Aoir atá sa scéal seo, agus mar a deir an sean-nath “Ní buan duine tar éis a aortha”. Más maith a thuig na huaisle sin, is fearr a thuig an t-aos dána é óir ba é spleáchas an oinigh agus an dea-chlú ar a chéile a choinnigh cuallacht righin eisiatach na bhfilí, (an chéad cheardchumann san Eoraip, mar a thug James Carney orthu) in uachtar ó Chataibh go Cléire ar feadh breis agus ceithre chéad bliain ó 1200 amach.
Eaglaiseach Binn-Bhriathrach i mBun Pinn
Ba iad na filí a chuireadh i bhfeidhm dlí an oinigh (cáin n-enech) agus is duine gan chéill nach ngéilleadh dóibh ar uamhan a n-aoire. Buntuiscint de chuid an tseanreachta ba ea gurb uaisle oineach ná anam, tuiscint a bhí le fáil freisin sa seanrá Is beo duine d’éis a anama ach ní beo d’éis a oinigh.
Dar leis an mBéarrach san iarfhocal in An Tromdhámh, gur “eaglaiseach binb-bhriathrach anaithnid, a mhair i sochaí aicmeach nár dhual di an bladh in éagmais na féile, a chum an t-aoirscéal Tromdhámh Guaire thart ar 1300."
Leabhar í seo a chuirfidh gliondar is gáire orthu siúd nach geal leo filí na Gaeilge idir shean is nua!
Féach An Tromdhámh ar Facebook