Na ceithre leabhar sa tsraith Caitlín & Cormac cruinnithe in aon bhosca amháin. Leabhair chartchláir do na naíonáin iad seo a mhúineann coincheapanna faoi am, uimhríocht, comhaireamh, cruthanna, agus léitheoireacht - agus é sin ar fad déanta go simplí agus go taitneamhach, agus é maisithe go hildaite ag Silvia Ortega.
Leabhair álainn soláimhseáilte cartchláir iad seo a fheilfidh go mór do na naíonáin ag baile nó ar scoil.
Bíonn madraí an-chliste, ach bhí an madra ba chliste ar domhan ag Daideo. Nó sin a deir sé féin!
Pictiúrleabhar as an mbailiúchán Cosa Beaga do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
Is maith leis na colúir arán. Ach tá colúr amháin bacach ann nach bhfaigheeann arán ar bith le hithe. Tá Cáitín agus Pól ag iarraidh cabhrú leis.
Pictiúrleabhar is ea An Colúr Bacach sa bhailiúchán 'Cosa Beaga' do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
Tá fiacail caillte ag Máire, agus níl sí in ann teacht uirthi. Céard a dhéanfaidh sióg na bhfiacla anois?
Pictiúrleabhar is ea Fiacail Mháire sa bhailiúchán 'Cosa Beaga' do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
[language:ga] Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú! Téann rang Lúsaí go dtí an leabharlann inniu. 'Tógaigí leabhar an duine,' arsa an mháistreás, 'agus bígí ciúin.' Ach an mbeidh gach duine sa leabharlann ciúin? [language:en] Lúsaí is a little girl full of fun and games. Grown-ups find her a bit too giddy. But keeping an eye on Lúsaí is no easy task. The whole class go to visit the library today. 'One book each,' says the teacher, Bean de Róiste, 'and be quiet.' But will everyone in class be quiet?
Tá Caitlín agus Cormac ag dul ar phicnic. Tá bord cearnógach acu, liathróid chruinn, agus puball triantánach. Cé na cruthanna eile a aithníonn tú? Déanann an leabhar seo daingniú ar choincheapanna a bhaineann lecruthanna. I gcomhthéacs turas picnice, taispeántar agus ainmnítear cruthanna (bord i gcruth cearnóige,puballigcruthtri-antáin, an ghrian i gcruth ciorcail srl.)
Tá Daidí ag péinteáil sa teach. Tá Cathal ag iarraidh cabhrú leis. Ach níl sé an-chúramach!
Pictiúrleabhar is ea Ag Péinteáil an Tí sa bhailiúchán Cosa Beaga do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
Inniu, níl Macán sásta a dhínnéar a ithe. Ní maith leis muisriúin, ná liamhás, ná glasraí. Ní itheann sé ach pasta! Mac tíre beag é Macán. Amanna, déanann sé rudaí as bealach, agus is mac tíre beag deas é i ndáiríre. Tá sé ag foghlaaim faoin saol óna Dhaidí agus a Mhamaí. Sa tsraith álainn trí leabhar seo foghlaimímid na rudaí atá le foghlaim ag Macán: a dhinnéar a ithe, an pota a úsáid, agus codladh ina leaba féin.
Níl Mac Tíre sásta siúl in áit ar bith níos mó. Tá sé tuirseach den siúl! Ach mura bhfuil sé sásta siúl, an mbeidh air carr a thiomáint, eitilt in eitleán, nó seoladh i mbád? Sraith trí phictiúrleabhar don aoisghrúpa 4-7 mbliana. Sna scéilíní deasa seo is iad na rudaí céanna a dhéan=ann imní do Mhac Tíre agus a bhíonn ag déanamh imní do gach páiste — an grá; siúl ar scoil; a bheith cróga, srl. Leabhair álainn soláimhseáilte iad le léamh os ard sa bhaile nó ar scoil.