Romeo_agus_Juliet.jpg

Romeo agus Juliet

€7.50

24 lch, clúdach bog, ISBN: 9781 911363 07 1

Sa phictiúrleabhar gleoite seo sa tsraithClasaicí Beaga Bídeachadéantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa.

Fadó, i Verona na hIodáile a mhair Romeo agus Juliet. Cé go raibh fuath ag a muintirchéile, bhí Romeo agus Juliet go mór i ngrá. Ach tháinig an chinniúint agus a muintir féin sa bhealach ar an ngrá, agus tháinig deireadh tragóideach leis..

I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.

Sraithphictiúrleabhar lándaite do léitheoirí óga atá sa bhailiúchánClasaicí Beaga Bídeacha’. Ar na leabhair sa bhailiúchán tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste, Don Cíochótae, agus Camchuairt Ghuilivéir.

I Sasana a rugadh William Shakespeare sa 16ú hAois. Tá Romeo agus Juliet ar cheann de na drámaí is cáiliúla leis.  Is é Darach Ó Scolai a chuir Gaeilge ar an eagrán giortaithe seo do pháistí.