al_as_pras.jpg

Éalú as Páras

Alain Surget

€7.50


96 lch; clúdach bog;  ISBN 978-0-898332-54-4

Bratach na gCnámh 1: Éalú as Páras
An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, téann Louise Bheag agus Benjamin sa tóir ar a n-athair. Le chéile, fágann siad Páras agus tugann siad aghaidh ar an gcósta. Castar an Fheasóg Dhubh orthu, agus foghlaí mara eile a insíonn dóibh go bhfuil a n-athair beo, agus go bhfuil a mbeatha i mbaol. Agus, gan súil ar bith acu leis, tugtar ar bord loinge iad. Leis sin, cuirtear tús le heachtraí móra farraigí agus leis an gcéad leabhar sa tsraith Bratach na gCnámh.

Sa tsraith nua úrscéalta seo do léitheoirí óga castar deartháir agus deirfiúr deich mbliana d'aois orainn, Benjamin agus Louise Bheag. Tar éis bhás a máthar, fágann an bheirt Páras agus téann  siad sa tóir ar a n-athair. Cailín aerach í Louise Bheag. Is fearr léi an claíomh ná an tsnáthaid fhuála. Ní saighdiúir ar bith é Benjamin. Is mó suim atá aige siúd i leabhair agus i léarscáileanna mara. 

"Cheapfá gur i nGaeilge bhlasta a scríobhadh na leabhair ar dtús. D’alp na gasúir mhóra (7 & 9 mbliana, cailín agus buachaillí) siar na chéad trí leabhar sa tsraith agus gheobhaidh siad na trí leabhar eile an Nollaig seo."
— blog gasúirlegaeilge

Foghlaithe Mara Leabhar Breac