Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987).
Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil. Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa. Neartaithe ag an tuiscint sin, agus tiomnaithe dá dhualgas bunaidh, déanann sé a bhealach tríd an saol, ón ollscoil i nGaillimh go dtí a chéadsearc Nadín, agus óna chéad phost i mBaile Átha Cliath go dtí a thumadh i gcultas an Rí. Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nua-aoiseach.
Úrscéal a théann faoin gcraiceann, ó dhuine de na scríbhneoirí is cumasaí dár gcuid: ‘Chas Peadar Ó Luineacháin isteach i Sráid Dásoin. Chuir an róló seacláide deireanach ina bhéal is chaith an páipéar le casán....' Tá rud éigin cearr leis na príomhcharachtair san úrscéal seo. De réir mar a ghluaiseann an scéal ar aghaidh is ea a thuigimid gur scéal dorcha é seo. Úrscéal é seo atá i bhfad chun tosaigh (agus i bhfad níos fírinní) ná úrscéalta mórdhíola Richard Harris ar an ábhar céanna.