Fonn_a_Ni-os_Fiach-CEART.jpg

Fonn a Níos Fiach

Pádraig Ua Maoileoin

€16.00

110 lch; clúdach crua, ISBN 978-1-911363-44-6

'Fonn a níos fiach' a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir.

I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais.

Ba í seo an leabhar ab ansa dá chuid leis an údar féin — insint teann íogair a bhfuil fiántas agus boladh an dúchais tríd. Agus, cé go gcuirtear i gcomparáid le clasaic Hemmingway The Old Man and the Sea í, agus le Moby Dick Herman Melville, is sásúla go mór fada mar leabhar í seo.

'Ardphléisiúr Léitheoireachta'

'Dob fhéidir an argóint a dhéanamh gurb é seo an saothar is fearr ar fad dá chuid is, dá bhrí sin, ní hé hamháin go bhfuil sé le háireamh i measc mhórshaothair phróis Chorca Dhuibhne ach i measc mhór-úrscéalta Gaeilge na fichiú haoise trí chéile ... Ardphléisiúr léitheoireachta.' — Breandán Ó Cróinín, COMHAR.

Léigh sliocht as Fonn a Níos Fiach anseo.

Fonn a Níos Fiach ar fáil ar Amazon