Úrscéal a théann faoin gcraiceann, ó dhuine de na scríbhneoirí is cumasaí dár gcuid: ‘Chas Peadar Ó Luineacháin isteach i Sráid Dásoin. Chuir an róló seacláide deireanach ina bhéal is chaith an páipéar le casán....' Tá rud éigin cearr leis na príomhcharachtair san úrscéal seo. De réir mar a ghluaiseann an scéal ar aghaidh is ea a thuigimid gur scéal dorcha é seo. Úrscéal é seo atá i bhfad chun tosaigh (agus i bhfad níos fírinní) ná úrscéalta mórdhíola Richard Harris ar an ábhar céanna.
Cad iad na húrscéalta is fearr, is tábhachtaí, is lárnaí sa Ghaeilge? Cad iad na húrscéalta Gaeilge ar chóir a bheith i mbéal an phobail agus i lár an aonaigh chultúrtha? Cé hiad na húrscéalaithe móra ar chóir dúinn a léamh, ar chóir dúinn staidéar a dhéanamh orthu sna hollscoileanna? Cad í canóin liteartha na n-úrscéalta Gaeilge san fhichiú haois? Cad iad clasaicí móra chanóin liteartha na Gaeilge? Cad is fiú canóin liteartha ar bith? Reáchtáladh seimineár lá go leith ar an 23 agus an 24 Aibreán, 2015, i mBaile Átha Cliath, chun ceisteanna den saghas sin a chíoradh. Sé úrscéal déag a roghnaíodh ar deireadh, agus faoi chlúdaigh an leabhair seo tá blaiseadh den mhéid a bhí le rá ina leith.
An chéad chnuasach gearrscéalta le ceann de na gearrscéalaithe is bisiúla sa tír. Scéalta láidre dorcha a théann faoi chraiceann an tsaoil agus a chuireann míshuaimhneas ar an léitheoir. Foilsíodh saothar leis freisin in Lá, Comhar, Oghma agus san Irish Times. "Tá stíl shiúráilte scríbhneoireachta ag rith leis na scéalta seo... éirim éigin síúil, neamhshaolta, fíormhealltach iontu... agus draíocht áirithe leo a thug ar shiúl mé." —Moltóir an Oireachtais, 1996 Seacht Lá na Díleann ar fáil mar ríomhleabhar don Khindle (amazon)
Aonarán é Jó, coimhthíoch de chuid na haoise seo tugtha don fhéinscrúdú. Ina ghasúr scoile dó, mar fhreagra ar an gciapadh a fhulaingíonn sé óna chomhscoláirí, déanann Jó uirísliú iomlán air féin agus, tríd an umhlaíocht, tagann ar bhealach le smacht a fháil ar a chinniúint féin. Neartaithe ag an tuiscint sin, téann sé ag póirseáil i stair a chineáil. Dar leis féin, is avatár aircitíopach é, duine de phór na nGiollaí Rí ó thús aimsire anall, mar a bhí Círon oide Odysseus, Hephaestion compánach Alastair Mhóir, agus fiú Iósaf leasathair Íosa. Neartaithe ag an tuiscint sin, agus tiomnaithe dá dhualgas bunaidh, déanann sé a bhealach tríd an saol, ón ollscoil i nGaillimh go dtí a chéadsearc Nadín, agus óna chéad phost i mBaile Átha Cliath go dtí a thumadh i gcultas an Rí. Ach, trína lorgaireacht phearsanta sa ghéillsine agus sa chinniúint, tá cumhachtaí dorcha á scaoileadh aige, cumhachtaí a thiomáineann ar thuras miotasach é i dtromluí iar-nua-aoiseach.
Dúisíonn ridire i lár coille agus é mar a bheadh leanbh ann, gan chuimhne aige ar aon ní, gan a fhios aige fiú cá bhfuil sé. Céim ar chéim cuireann sé aithne ar a thimpeallacht agus tosaíonn ag déanamh a bhealaigh i dtreo an tsolais. Úrscéal fealsúnach é seo le duine de phríomhscríbhneoirí ár linne, agus é scríofa i bhfaisean an chúigiú haois déag — tús ré na foilsitheoireachta. Féachann An Choill le dul i ngleic le cás duine de ridirí an Bhoird Chruinn nár éirigh leo an Soitheach Naofa a bhaint amach sa deireadh. Scéal an fhir aineoil sin atá anseo. B'fhéidir gurb é scéal gach aon duine é.
In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóirí an namhad ar a thóir.