Tá athair is máthair Chleite de shíor ag troid. Ar chomhairle a chara, Crúca Beag, téann Cleite ag cuardach órchiste atá i bhfolach ar Oileán na Seacht gCloigne. 'Má thagann sibh ar órchiste, is cinnte go ndéanfaidh bhur dtuismitheoirí cóisir mhór. Casfaidh bhur máthair an chláirseach agus casfaidh bhur n-athair an troimpéad agus ina dhiaidh sin gabhfaidh siad ag damhsa ar an deic. Beidh siad mór le chéile arís ansin.' 'An gceapann tú?' a d'fhiafraigh Cleite de.
Tá sé ina theas, agus tá an Cúigear Cróga ag caitheamh an lae go díomhaoineach ... ach is fada uathu an suaimhneas a raibh siad ag súil leis! Céard atá ar siúl ag fir na ngluaisrothar? Agus cé a chuirfidh stop leo?
Bhí an canú ag imeacht go fíorsciobtha! Agus bhí an abhainn ag coipeadh mar a bheadh uisce i bpota os cionn na tine!
‘Cén fáth a bhfuil an sruth ag éirí níos láidre?’ arsa Níotú. BrrrrrrrrrRRR!
‘Ó, a Mhamaí!’ arsa an tIndiach beag. ‘Eas!’
Gan cead óna athair, téann Níotú ag spraoi i gcanú ar an abhainn. Is gearr go dtugann an canú le sruth é. Cén chaoi a dtiocfaidh an tIndiach beag slán?
Pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith 'Arrachtaí' dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar. Tá ocras ar an vaimpír, Ladaslás. Ach tá a chuid fiacla maol, agus níl sé in ann plaic a bhaint as duine ar bith. Níl saol éasca ag an vaimpír!!!
Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde. Tá Luisne fiosrach faoi Dhomhan na nDaoine nó 'An Domhan Thuas'. Tá bealaí rúnda le taisteal amach as Domhan na Sí ach ní thugtar an t-eolas seo do shióga óga! Ach le gliceas, aimsíonn Luisne ceann de na bealaí rúnda, agus éalaíonn sí féin agus a cara Deirdre go dtí an Domhan Thuas. Cé go bhfeiceann siad rudaí iontacha ann, faraor, ní oibríonn a gcuid pleananna amach mar a shíl siad ... agus is gearr go mbíonn an bheirt i dtrioblóid!
Tá capall rás cáiliúil á thraenáil in Kirrin. Ach nuair a imíonn an capall chun scaoill, ní mór don Chúigear Cróga bheith ar a n-aire nó d'fhéadfadh go rachadh an capall amú nó go ngortófaí í! Tá chuile rud ag brath orthu!
Scéal sa tsraith Cúigear Cróga de chuid Enid Blyton le léaráidí úrnua lándaite. Aistrithe go Gaeilge ag Máirín Ní Ghadhra.