Faoi dheireadh is faoi dheoidh, tá úrscéal nua Choilm Uí Cheallácháin i lámha na gclódóirí. Is fada ag fanacht muid leis an úrscéal seo. Tar éis dúinn ár gcuid fiacla a ghearradh ar an dá chnuasach gearrscéalta leis a foilsíodh le seacht mbliana anuas, chuir an scéala gur bhuaigh sé Duais an Oireachtais agus Buaicshaothar na Bliana 2023 le scríbhinn an úrscéil seo uisce lenár bhfiacla!
Scéal Grá faoi Scáth an Ghinearáil
Scéal grá agus tragóid atá san úrscéal nua, agus is in Éirinn sa tréimhse 1969-1979 a suitear é, ach in Éirinn atá difriúil, ach nach bhfuil ródhifriúil, leis na seachtóidí mar is eol dúinn féin iad. Saol comhthreomhar atá i ndomhan an úrscéil, saol inar thit an chumhacht pholaitiúil i lámha an ‘Ghinearáil’ tar éis Chogadh an Saoirse, agus gurb é an Ginearál is a chlann mhac atá i mbun cumhachta ó shin.
<
Tragóid in Iarthar Chorcaí
Sa bhliain 1969 a thosaítear an scéal, agus triúr ógánach tagtha le chéile ar thránna iarthar Chorcaí chun an samhradh a chaitheamh in éindí. Ach athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis
Féilire na Deachtóireachta
Úrscéal é seo atá fréamhaithe, is léir, sa ghearrscéal teidil a d’fhoilsigh sé sa chnuasach deireanach Ré na bhFathach. I saol an ghearrscéil sin agus i saol an úrscéil seo, tá deachtóíireacht i gceannas na tíre ó bhaineamar saoirse amach in 1922. Aithnímid tréithe na deachtóireachta:
“Amach leis i dtreo na habhann. Liodán dátaí a bhí le siúl aige sular tháinig sé uirthi. Síos Bóthar Nollaig a hOcht leis ar dtús. Bhí seicphointe roimhe ag dhá cheann an bhóthair san, mar ar scrúdaíodh a pháipéir go mionn sular tugadh cead a choise dó. Síos chomh fada le Cé Lúnasa a Fiche a Dó leis ansin. Bhí gardaí ina suí le hais an bhalla ar feadh na cé ar fad, iad ag caitheamh súil leisciúil ar gach éinne a bhí ag dul thart. Toitín i mbéal duine nó beirt, meaisínghunna ar crochadh ó ghualainn gach uile dhuine acu. Níorbh aon áit chuideachta í an ché seo, agus bhrostaigh Caoimhín. Chaith sé súil ar an droichead ansin. Droichead Nollaig a Seacht. A leithéid de theidhe athainmnithe a bhuail muintir Bhaile Átha Luain ó bhí sé anseo go deireanach. Ní léarscáil a theastódh ó dhuine agus é ag siúl an bhaile anois, ach féilire.”
Mar a scríobh Róisín Ní Ghairbhí, “Tá úrscéalaí sciliúil anseo, a thuigeann conas fiosracht a mhúscailt agus léitheoir a mhealladh isteach i scéal … Ón gcéad radharc táimid gafa ag scéal a nochtann de réir a chéile – Eíre faoi dhaorsmacht agus domhan coimhthíoch ann a n-éiríonn leis, mar sin féin, an léitheoir a mhealladh go hiomlán toisc a fheabhas agus a dhéanann an scríbhneoir ionramháil ar charachtair agus ar dheiseanna na húrscéalaíochta.”