0 Items

Polasaí Príobháideachais

Tá an ráiteas príobháideachais seo leagtha amach ag Leabhar Breac mar léiriú ar a thiomantas daingean donphríobháideachas.  Anseo thíos tá eolas faoi na gnásanna atá i bhfeidhm ag Leabhar Breac maidir le bailiú agusscaipeadh eolais.

Is féidir le húsáideoir na suíomhanna gréasáin againn a rochtain agus roinnt de na seirbhísí a úsáid gan aon eolas a thabhairt.  Ar an lámh eile, áfach, chun úsáid a bhaint as seirbhísí ar líne nó seirbhísí iarrtha Leabhar Breac ní mór do gach úsáideoir buneolas teagmhála agus déimeagrafach a sholáthar.  Ní chuireann muid an t-eolas sin ar fáild’aon dream eile.

Ní leanann muid cosán brabhsála aon úsáideora taobh amuigh dár suíomhanna gréasáin féin.

Eolas a bhailíonn leabharbreac.com

Aighneachtaí Foirme / Seirbhísí Iarrtha:

Más mian le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh le Leabhar Breac maidir le táirgí agus seirbhísí, ní mór dóibh sonraípearsanta a iontráil.  Is iad na seirbhísí dá bhfuil sonraí pearsanta ag teastáil:

•          Clárú linn

•          Teagmháil

•          Foirmeacha iarratais do scéimeanna ar líne

De ghnáth is seoladh ríomhphoist agus ainm an t-eolas atá ag teastáil má dhéanann úsáideoir teagmháil le Foras naGaeilge maidir le seirbhísí.  Nuair a dhéanann úsáideoir teagmháil linn maidir le seirbhísí is féidir leis ‘seirbhísí iarrtha’ a roghnú chomh maith chun faisnéis/tairiscintí éagsúla de ríomhphost a iarraidh (féach Gnásanna SeirbhísíIarrtha thíos).

Mura bhfuil fonn ar úsáideoir leanúint de bheith ag fáil ríomhphost ó Leabhar Breac tar éis dó clárú, ní gá aché sin a chur in iúl agus ní leanfar den teagmháil.

Aithníonn Leabhar Breac an fhreagracht atá orthu maidir le bainistiú aon sonraí pearsanta agus tá siad tiomanta dophríobháideachas a chosaint agus a chaomhnú trí na dualgais a bhaineann leis an Acht um Chosaint Sonraí agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a chomhlíonadh.

Fianáin

Baineann an suíomh seo úsáid as Google Analytics, seirbhís anailísíochta ar líne a chuireann Google, Inc. (“Google”) ar fáil. Baineann Google Analytics úsáid as fianáin, ar comhaid téacs iad a chuirtear ar do ríomhaire le cuidiú leis ansuíomh anailís a dhéanamh ar an gcaoi a mbaineann cuairteoirí úsáid as an suíomh. Cuirtear an t-eolas faoin úsáid abhaineann tú as an suíomh (do sheoladh IP san áireamh) ar aghaidh chuig Google. Stórálann Google an t-eolas arfhreastalaithe in áiteanna taobh amuigh d’Éirinn lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Eoraip nó an Áis. Bainfidh Google úsáid as an eolas seo le measúnú a dhéanamh ar úsáid an tsuímh, le tuairiscí a ghinniúint ar úsáid an tsuímhd’oibritheoirí agus le seirbhísí a sholáthar maidir le húsáid an tsuímh agus an idirlín. D’fhéadfadh Google an t-eolas seo a aistriú go tríú páirtí más gá de réir an dlí nó sa chás go bhfuil eolas á phróiseáil ag tríú páirtí thar ceann Google. Ní dhéanfaidh Google nasc idir do sheoladh IP agus aon fhaisnéis eile a choinníonn Google.

Is féidir leat diúltú fianáin a úsáid trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí. Ní mór cuimhneamh, áfach, gobhfuil seans ann nach mbeidh ar do chumas úsáid a bhaint as feidhmiúlacht iomlán an tsuímh má roghnaíonn tú nasocruithe seo. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh seo agus cead a thabhairt Google faisnéis a phróiseáil sabhealach agus do na cuspóirí atá leagtha amach thuas.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a mbaineann Google úsáid as fianáin:

http://www.google.com/policies/technologies/cookies/

Úsáid fianán Google Analytics ar shuíomhanna gréasáin:

http://developers.google.com/analytics/devguides/collection/analyticsjs/cookie-usage

Eolas Uathlogáilte

Úsáideann muid do sheoladh IP, do ghníomhairí úsáideora logála UA agus do sheoladh tagarthach chun chuidiú linndiagnóis a dhéanamh ar dheacrachtaí a bhaineann leis an fhreastalaí againn, chun an suíomh Gréasáin a riar aguschun úsáideoirí uathúla a aithint.  Baintear úsáid as do sheoladh IP chomh maith chun eolas ginearáltadeimeagrafach a bhailiú.  Ní chuireann muid an t-eolas sin ar fáil d’aon dream eile.

Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann

Tá tuilleadh eolais faoi do chearta maidir le príobháideachas sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin An Choimisinéara Chosanta Sonraí.

http://www.dataprotection.ie/docs/A-guide-to-your-rights-Plain-English-Version/r/858.htm

Ríomhphost

Ó am go chéile úsáideann Leabhar Breac seoltaí ríomhphoist a bailíodh ó fhoirmeacha ar líne chun eolas a chur amach de ríomhphost chuig síntiúsóirí maidir le seirbhísí Leabhar Breac.  Is féidir cur in iúl ar gach foirm gur mianleat tuilleadh eolais de ríomhphost ó Leabhar Breac.

Naisc Sheachtracha

Tá naisc le suíomhanna eile ar fáil ar an suíomh seo.  Níl Leabhar Breac freagrach as cleachtais phríobháideachaisná as ábhar na suíomhanna seo.

Slándáil

Tá bearta slándála i bhfeidhm ag an suíomh seo mar chosaint ar chailliúint, mhí-úsáid agus athrú eolais atá faoinárgcúram.  Faraor, ní féidir aon ráthaíocht a thabhairt go mbeidh sonraí a sheoltar ar an Idirlíon 100% slán.  Dá bhrí sin, cé go ndéanaimid gach dícheall lena chinntiú go mbeidh do shonraí pearsanta slán, ní féidir le Leabhar Breac aon dearbhú ná ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil aon eolais a sheolann tú chugainn, táirgí ná seirbhísí ar líne. Ar dophriacal féin atá sé.  Ón uair a fhaigheann muid do chuid sonraí, déanann muid gach dícheall lena chinntiú gombeidh siad slán ar na córais againn.

Cearta an Duine Aonair

De réir na reachtaíochta agus an RGCS tá na bunchearta seo ag daoine aonair maidir leis na sonraí pearsanta atá ágcoinneáil maidir leo:

1.         An ceart rochtain a bheith acu ar shonraí pearsanta agus eolas a bhaineann go sonrach leo.

2.         An ceart botúin a aithnítear sna sonraí nó san eolas sin a cheartú.

3.         An ceart a iarraidh na sonraí nó an t-eolas sin a scrios (an ceart go ndéanfar dearmaid orthu)

4.         An ceart diúltú do mhargaíocht dhíreach

5.         An ceart bac a chur ar phróiseáil a sonraí pearsanta

6.         An ceart sonraí pearsanta a aistriú

Cloífidh Leabhar Breac le riachtanais na reachtaíochta agus an RGCS i ngach slí, i gcomhréir le hacmhainn agusdualgais na heagraíochta.

Iarratais rochtana

De réir na gceart thuas tá an ceart ag duine aonair rochtain a iarraidh ar shonraí pearsanta agus eolas a choinnítearorthu leis an eolas a sheiceáil agus dlíthiúlacht phróiseáil an eolais a chinntiú. Faoin RGCS tá an ceart acu:

•          Deimhniú a lorg go bhfuil sonraí pearsanta acu á bpróiseáil

•          Rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta

•          Eolas eile a lorg de réir mar a leagtar amach san reachtaíocht agus in RGCS

Seo iad na céimeanna atá le glacadh maidir le hiarratais rochtana chuig an eagraíocht:

•          Cuirfear aon iarratas ar rochtain eolais go dtí an t-oifigeach cosanta sonraí i scríbhinn ag ocs@forasnagaeilge.ie nótríd an bhFoirm Iarrtha Sonraí Pearsanta anseo a chur isteach.

•          Tabharfar freagra ar an iarratas chomh tapa agus is féidir agus faoi mhí ar a dhéanaí.

•          Le bheith ag cloí leis an dlí, is chuig an iarratasóir amháin nó duine údaraithe leis an eolas a fháil is féidir an t-eolasa nochtadh. Ar an gcúis seo, caithfear deimhniú aitheantais a dhéanamh maidir leis an iarratasóir nó maidir leis anionadaí atá acu. Is féidir leis na daoine seo iarratas a dhéanamh maidir le rochtain a fháil ar shonraí pearsanta:

 

•          An duine aonair lena mbaineann na sonraí pearsanta

•          Ionadaí de chuid an duine aonair lena mbaineann na sonraí pearsanta

•          Duine ceaptha ag cúirt dlí

•          Gníomhaireachtaí um fheidhmiú an dlí Polasaí Príobháideachais

Caithfear céimeanna cuí a ghlacadh le haitheantas an iarratasóra a dheimhniú sula dtosófar ar aon obair maidir leisan iarratas. Iarrfaidh Leabhar Breac síneadh ama dhá mhí ar an sprioc thuas má mheasann siad go bhfuil an t-iarratas  casta nó ilghnéitheach. Tá forálacha eile an RGCS agus na reachtaíochta ábhartha má mheastar go bhfuiliarratas gan bhunús nó thar fóir.

Gearáin

Leagann an rialachán agus an t-acht rialacha síos maidir le conas is cóir d’eagraíochtaí eolas a bhailiú agus a úsáid agus tá Leabhar Breac tiomanta cloí leis na rialacha sin, i gcomhréir le scála na n-acmhainní atá ag an eagraíochtagus na freagrachtaí atá orthu. Ach má mheasann duine aonair nár láimhseáil Leabhar Breac a sonraí pearsantade réir an achta, is féidir leo gearáin a dhéanamh leis an oifigeach cosanta sonraí ag eolas@breacan.ie

Is féidir le duine aonair gearán a dhéanamh freisin mura bhfuil siad sásta leis an mbealach ar pléadh lena n-iarratas rochtana. De ghnáth gheobhaidh siad freagra faoi 20 lá oibre tar éis Leabhar Breac an gearán a fháil.

I ndiaidh na céime seo, agus má tá siad fós míshásta, is féidir le duine aonair iarraidh ar An Coimisiún Cosanta Sonraí áireamh a dhéanamh maidir le conas mar atá Leabhar Breac ag comhlíonadh an achta i dtaca lena sonra pearsanta.