About Us

Teach beag foilsitheoireachta suite i gClochar an Locha taobh thiar den Spidéal i nGaeltacht Chonamara é Leabhar Breac. Is iad Darach Ó Scolaí agus Caomhán Ó Scolaí a bhunaigh an teach sa bhliain 1994, nuair a foilsíodh An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil. Ón tús, chuir siad rompu leabhair ar chaighdeán ard litríochta agus ealaíne a chur ar fáil agus, diaidh ar ndiaidh, tá aitheantas bainte amach acu as an ngné sin dá saothar. Cé s mite de na leabhair a fhoilsíonn siad thar lear i gcomheagrán le foilsitheoirí eile, is in Éirinn a chlóbhualann siad a gcuid leabhar, i gClódóirí Lurgan i nDoire Né. Tá os cionn 140 leabhar i gcló ag Leabhar Breac anois, idir fhicsean is neamhfhicsean, leabhair do dhaoine fásta agus do dhéagóirí, agus pictiúrleabhair do léitheoirí óga.

Caomhán Ó ScolaíTraidisiún Gaelach na Foilsitheoireachta

Ní gan oiliúint a thug siad faoin bhfoilsitheoireacht; bhí a n-athair Séamas Ó Scolaí ina eagarthóir sa Ghúm agus d’oibrigh sé ar fhoireann an fhoclóra Gaeilge-Béarla, agus, ní nach ionadh, tumadh an bheirt i dtraidisiún na foilsitheoireachta agus na leabhar óna n-óige dóibh. Tá cáil bainte amach ag Caomhán Ó Scolaí (ar chlé) as dearadh na leabhar agus as ealaín na gclúdach, agus tá aitheantas ar leith  bainte amach ag a dheartháir Darach (thíos, ar dheis) mar scríbhneoir. Cúis mhórtais dóibh beirt an traidisiún Gaelach san fhoilsitheoireacht a théann siar go Lobháin i dtús na 17ú hAoise.

Ficsean Nua

Leanadh den Dochtúir Athas le liosta úrscéalta le háireamh: Gan ach duaisbhuaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin a lua, tá Fontenoy le Liam Mac Cóil ann, An Cléireach le Darach Ó Scolaí, Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi, agus Conaire Mór le Diarmuid Johnson. Agus tá tóir nach beag ar an tsraith nua úrscéalta staire le Liam Mac Cóil, ‘An Litir’. Chomh maith le saothar na scríbhneoirí Gaeilge tá aistriúcháin á bhfoilsiú freisin acu, do pháistí agus do léitheoirí fásta. Gné de thraidisiún liteartha na nGael riamh anall ab ea an t-aistriúchán agus cuireann Leabhar Breac rompu saothar ón bhFraincis ach go háirithe, a chur ar fáil do léitheoirí na Gaeilge. Darach Ó Scolaí

Saothrú na Seanlitríochta

Cé gurb é an t-úrscéal príomhsheánra Leabhar Breac, mar is léir ón ngaol fada torthúil atá ag an teach le Liam Mac Cóil, agus leis na húrscéalaithe Seán Mac Mathúna agus Eilís Ní Anluain, creideann Leabhar Breac go bhfuil forbairt na nualitríochta ag brath go mór ar athnuachan agus ar shaothrú na seanlitríochta. Toradh ar an obair sin is ea foilsiú Táin Bó Cuailnge le deireanas, An Ceithearnach Caolriabhach, agus na leabhair Conaire Mór agus Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson. Tá saothrú déanta acu ar an tseanlitríocht do pháistí, freisin, mar atá sa tsraith pictiúrleabhar ‘Fionn’. Iósluchtaigh an Chatalóg do Léitheoirí Fásta Anseo Iósluchtaigh Catalóg na nÓg Anseo Íosluchtaigh Foirm Orduithe do Scoileanna Anseo Catalóg Leabhar Breaccatalóg na nÓg Foirm Orduithe