I mí Iúil a fhoilseofar an t-atheagrán den dán fada éachtach leis an bhfile Déiseach Pádraig Ó Miléadha, ‘Trí Glúine Gael’. File ionadaíoch de chuid ré na hAthbheochana is ea Pádraig Ó Miléadha mar is léir óna shaothar foilsithe, an cnuasach filíochta Duanta Aneas (1934) agus na dánta fada An Fiannaidhe Fáin (1934) agus Trí Glúine Gaedheal (1953), agus óna chuid filíochta neamhfhoilsithe, i nGaeilge agus i mBéarla, a bhfuil fáil uirthi anois i Leabharlann Choláiste na Rinne.

Clúdach leabhair, book coverFile na hAthbheochana ar maos i dtraidisiún na Gaeltachta

Is é atá sa leabhar nua atheagrán de Trí Glúine Gael, bunaithe ar an leagan foilsithe agus ar leagan lámhscríofa an fhile féin, maille le nótaí agus aiste chritice ar an dán le Gearóid Denvir. Léamh náisiúnaíoch ar stair pholaitiúil agus chultúrtha na hÉireann sa 19ú haois agus isteach sa 20ú haois, agus éacht cheannródaíoch chruthaitheach filíochta, atá sa dán. Ach an oiread leis an gcuid eile de shaothar Uí Mhiléadha, baineann Trí Glúine Gael ó thaobh ábhair, idé-eolaíochta agus cur chuige aeistéitiúil agus fileata leis an gcéad ghlúin de nuafhilíocht na Gaeilge, glúin na hAthbheochana, agus ní bréag ar bith a mhaíomh go bhfuil sé ar cheann de mhóréachtaí cruthaitheacha na glúine sin.

Sliabh Geal gCua na Féile

Dearcadh ó bhonn aníos trí shúile na cosmhuintire Gaelaí a láithrítear sa dán atá ar maos i gcaint throdach radacach ó reacaire nach leasc leis a bharúil a chur in iúl gan frapa, gan taca agus, fearacht na bhfilí a chuaigh roimhe, tá friotal fileata an dáin neadaithe sa traidisiún as ar fáisceadh Ó Miléadha.

Fear Gaeltachta a bhí san fhile agus é ar maos sa traidisiún liteartha Déiseach as ar fáisceadh é, agus tá a lorg sin ar a shaothar uilig. Tá cáil i bhfad is i gcéin ar a mhóramhrán deoraíochta, ‘Sliabh Geal gCua na Féile’, a castar le fonn agus le flosc i gcónaí ina cheantar dúchais.

“Thug sé leis tuiscint do chaint Bhriain Merriman leis an mbainne cíche”

Is é a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama faoi, “Chuir sé iontas orm … gur mhair aon scríbhneoir againn i dtús an fhichiú céad, a fhéadfadh seanteanga liteartha na Gaeilge, a bhí á forbairt ag filí le míle bliain roimhe sin, a úsáid chomh héifeachtach is chomh healaíonta sin chun riachtanaisí a aigne is a linne féin a chur in iúl…. Ba dhóigh leat air gur thug sé leis tuiscint do chaint Dhonnchadh Rua nó Bhriain Merriman leis an mbainne cíche agus gurb í a labhair sé lena chomharsana.”

PortráidAn fear eagair, Gearóid Denvir

Bhí Gearóid Denvir ina Ollamh Bunaithe le Nua-Ghaeilge i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá riar mhaith leabhar agus aistí liteartha agus léannta scríofa aige i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis, ar ghnéithe éagsúla de litríocht, de theanga agus de chultúr na Gaeilge, ina measc: Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978), Cadhan Aonair (1987), An Dúil is Dual (1991), Amhráin Choilm de Bhailís (1996), Litríocht agus Pobal (1997), Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (2010) agus An Peann is a bhfuil ann (2021). Chuir sé eagar cheana ar Duanta Aneas Phádraig Uí Mhiléadha, maille le haiste chritice, i mbliain chomórtha céid an fhile, 1977.

 

 

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.