“Mar a bheadh stiúrthóir ar cheolfhoireann, cóiríonn údair an scéil álainn aoibhinn seo a chuid carachtar; nochtann siad agus labhrann siad ag an nóiméad cuí, deirid a bhfuil ag teastáil le rá i mbeagán focal,” a scríobhann an Dr Róisín Ní Ghairbhí faoi Bódléar, an t-úrscéal le Darach Ó Scolaí a bhain Duais an Oireachtais amach i mbliana. “Léiríonn siad le leide a bhfuil le léiriú agus cuirtear pobal agus a gceangal le chéile inár láthair le sonc uillinne, leathchogar agus stéibheanna amhrán.

Portráid, portrait“Géillimid don phobal samhlaitheach seo”

“Anois is arís, feidhmíonn an t-úrscéal mar a bheadh dán fada liriciúil ann – liostáil rithimiúil agus cur síos ar na báid agus na hainmhithe mar a bheadh scéalaí ag labhairt aniar linn ón naoú céad déag, liostáil ar bhia mar a bheadh dán ón tSeanGhaeilge ann, macalla na dtréanna sa chur síos ar thréithe thrí pharóiste, tomhaiseanna.

“Tá aigne ealaíontóra ag feidhmiú sna hiomhánna a chuirtear os ár gcomhair. Fiú gan ann ach cur síos ar bheirt ag casadh ar a chéile, cuirtear an bheirt ina steillebheatha os ár gcomhair – géillimid don phobal samhlaitheach seo, ar pobal draíochtúil iad a sháraíonn imeacht ama agus caitheamh blianta.

Darach Ó Scolaí, portráid, portrait“Pósadh idir an guth liriciúil Gaelach agus foirm na húrscéalaíochta Eorpaí”

“Ar ndóigh, is é an chomhfhreagairt idir míreanna úrscéil sine qua non na húrscéalaíochta, an heteroglossia. Guthanna Gaelacha atá anseo, áfách, agus moladh le Dia, níl smál aon chaillteanais nó gloine thiubh scáthánach aon Athbheochana ina bhac idir cumarsáid réidh an údair agus an léitheoir. Go deimhin is suáilceach sona mar phósadh an pósadh idir an guth liriciúil Gaelach agus foirm agus gnásanna na húrscéalaíochta Eorpaí. Tá abairtí áille agus íomhánna áille ann – aigne ealaíontóra a cheap. Tá scéal ann ach is é an t-iontas éadroime na stíle a iompraíonn an scéal mór tábhachtach

“Leibhéil agus ealaín annamh

“Scéal ann féin feabhas ionramháil na teanga – ceann de ghuthanna an leabhair. Go deimhin, ceapann na guthanna Gaeilge a n-úrscéal féin. Céiliúradh atá sa leabhar agus ní hualach don údar a chuid léinn – tuigeann an léitheoir nach ualach d’éinne an léann. Tá leibhéil ann agus ealaín annamh. Cuireadh mé ag smaoineamh ar an Eoraip, ar chearta cailíní san Afganastáin, ar an gcruthaitheacht, ar phobal, ar an gcreideamh, ar an stair, ar chúirteanna filíochta, ar an iliomad rud a bhí sa leabhar agus nach raibh sa leabhar. Meafar Joyceach Céitinneach an bhainne ag déanamh comhrá le meafar cathrach an cafetiére. Duine a léigh an-chuid leabhar a scríobh an t-úrscéal simplí álainn seo. Tá draíocht agus ceardaíocht ann. Míorúilt bheag de leabhar agus moltar go hard é.”

Portráid daite, colour portrait photo“Tá réim agus rithim an phróís sa leabhar”

Labhair Dónall Ó Braonáin ar Bhódlear agus an leabhar á seoladh Tigh Mholly ar an Lochán Beag aige, “Ceann de na buanna is mó atá ag Darach mar scríbhneoir ná an cóiriú stíle a chuireann sé ar rud ar bith a scríobhann sé … Déanann sé saothrú ar an teanga, saothrú atá nádúrach … Tá réim agus rithim an phróis sa leabhar ar áilleacht an tsaoil,” ar sé.

“Ní dathadóir amháin é an t-údar … ailtire é freisin.”

Agus an leabhar á léirmheas ar Tuairisc.ie aici, is é a dúirt Máire Ní Fhinneadha, “Ní tharraingeodh Paul Henry féin an Baile Beag leath chomh spéiriúil ná chomh grinn agus a dhéanann Darach Ó Scolaí ar an gcéad leathanach den leabhar seo … Ní dathadóir amháin é an t-údar mar scannán beo a chonaic mise sa gcéad chaibidil sin, liútar éatar gan bhuíochas agus gnúsacht an chuairteora mór le rá faoi ‘dheireadh na héigse’. Ailtire é freisin mar is iomaí urlár san úrscéal seo ach iad uilig ag luí le chéile.”

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.