Anocht a fhógrófar buaiteoirí Ghradam Foilsitheoireachta an Oireachtais 2024, agus tá ríméad an domhain orainn go bhfuil dhá leabhar le Leabhar Breac ar an ngearrliosta do ghradaim foilsitheoireachta an Oireachtais i mbliana, Saighdiúir le Cathal Ó Searcaigh, agus Deirdre le Darach Ó Scolaí (leabhar atá maisithe ag Anastasia Melnykova). Tréaslaímid a n-ainmniúchán leis na húdair agus leis an ealaíontóir agus guímid an t-ádh orthu sa chomórtas.

Úrscéal Mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir

Cabhraíonn beirt shaighdiúirí le saighdiúir leonta trinse a thrasnu, two soldiers lelp a wounded copmrade across a trench.Leabhar í SAIGHDIÚIR a thógfas a háit ar an tseilf in éindí le húrscéalta Erich Maria Remarque agus Jaroslav Hašek, agus níl aon amhras ach gurb í úrscéal mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir í. In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal.

“I lár an uafáis léifidh tú prós atá chomh hálainn leis an bhfilíocht is snoite”

Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é SAIGHDIÚIR ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh. Mar a deir Cathal Poirtéir in Books Ireland, “Saighdiúir is an immense achievement. Ó Searcaigh displays an imaginative and inspiring mastery of language, character and plot in one of the most impressive Irish language novels you are likely to read this or any other year.”

“A leithéid d’úrscéal!” a scríobh Máire Ni Fhinneadha ar Tuairisc.ie, “I lár an uafáis léifidh tú prós atá chomh hálainn leis an bhfilíocht is snoite.”

“Gile an tsneachta, duibhe an fhéich, agus deirge na fola”

Deirdre Book cover, clúdach leabhairPictiúrleabhar do dhaoine fásta is ea DEIRDRE le Darach Ó Scolaí, leagan nua de thragóid mhór na seanscéalaíochta, Loingeas Mhac Uisnigh. Go deimhin, is beag Gael inniu nár chuala trácht ar chur síos Dheirdre ar Naoise, “gile an tsneachta ar a chneas, duibhe an fhéich ar a fholt, agus deirge na fola ar a ghrua,” ná ar fhilleadh Chlann Uisnigh as Albain lena gcur chun báis in Eamhain Mhacha. Is ar an leagan is sine den scéal, Loingeas Mhac Uisnigh, a bhunaigh Darach Ó Scolaí an leagan nua seo. Is í Anastasia Melnykova a rinne an obair ealaíne.

“Beocht, dúchas is dánacht Dheirdre i chuile shiolla, idir phrós is duan”

Is é a scríobh Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie, “Is geall le bheith ag cloisteáil an scéil seo den chéad uair é, tá beocht, dúchas is dánacht Dheirdre i chuile shiolla, idir phrós is duan … is aoibhinn liom an comhrá uile sa téacs seo mar meallann sé isteach sa saol sin thú, bua an tseanchaí … Is iomaí seoid atá faoi gharda in iarsmalanna na cruinne nach mbuailfeadh an leabhar seo le háilleacht.”

Go n-éirí go geal leis na scríbhneoirí, leis na healaíontóirí agus leis na haistritheoirí ar fad a bheas páirteach anocht. Dar ndóigh, níl aon amhras ach gurb iad na léitheoirí buaiteoirí móra na hoíche!