Tagtha ó na clódóirí faoi dheireadh! Seo chugainn an cnuasach mór filíochta (2015-2015) le Diarmuid Johnson: naocha dán i sé cinn de theangacha éagsúla! Agus tír ar leith ag gabháil le gach teanga de na sé theanga sin, tíortha a bhíonn an file a shiúl agus a thaithí.
Bíobla mór na farraige
Is é Conamara idir thuaidh agus theas tír na Gaeilge san atlas pearsanta fileata seo. Is tír í féin a bhfuil bíobla mór na farraige le síorléamh ann, tír a mbíonn an spéir mhór ilscáfar tobargheal ag síorthál míle solas ann. Thar aon ní eile, is í tír na Gaeltachta i.
An file ar a fhánaíocht
“Fiaire feá é Johnson a bhfuil de phribhléid againne seal a chaitheamh ina fhochair ar a fhánaíocht dó.” — Darragh Ó Caoimh, Breac
Scríbhneoir, file, ceoltóir, scoláire, aistritheoir agus iriseoir é Diarmuid Johnson. Tá cuid mhór dá shaol caite aige sa Bhriotáin, sa Ghearmáin, sa Pholainn agus sa Bhreatain Bheag, agus tá cur síos ar chuid d’imeachtaí na mblianta sin sa leabhar Seacht dTír Seacht dTeanga (2021).