Tá Rentrée Littéraire Leabhar Breac faoi lán seoil anois agus an chéad leabhar ar liosta an fhómhair, Éanna Corr, úrscéal do dhéagóirí le hAntain Mac Lochlainn, ar a bealach amach chuig siopaí leabhar fud fad na tíre!

Clúdach leabhair, book coverCairdeas agus Saoirse

‘Conas is féidir duine a shábháil nuair nach dtuigeann sé féin go bhfuil sé i gcontúirt?’

Duine ar an imeall é Éanna Ó Corra. Aonarán i measc na ndaltaí eile i bPobalscoil na Carraige. Éan corr, go deimhin. Ach cuirtear casadh i scéal Éanna nuair a thagann dalta nua chun na scoile. Ní dalta mar gach dalta eile é Síomón Collina. Tá sé muiníneach. Tá sé cliste. Agus tá sé ag iarraidh a bheith mór le hÉanna. Ach an féidir go bhfuil rud éigin á cheilt aige? An cairdeas nó cleasaíocht atá le tairiscint aige? Agus cé hiad an dream rúnda seo, an Teampall Nua?

Choíche ná go deo, ná díol do shaoirse ar mhaithe le comhluadar!

Scéal faoi chairdeas atá in Éanna Corr. Scéal faoi shaoirse is ea é chomh maith. An mbeidh Éanna in ann an fód a sheasamh dó féin agus dá chara? An mbeidh sé de mhisneach aige na ceisteanna crua a chur, fiú má chuireann sé sin an cairdeas i mbaol? An mbeidh aird aige ar chomhairle a dheirféara, Brídín: ‘Choíche ná go deo, ná díol do shaoirse ar mhaithe le comhluadar.’

Portráid an Scríbhneora, próifíl } Portrait of writer, profileAntain Mac Lochlainn: Tóraíocht an Teampaill Nua

Scríbhneoir agus aistritheoir ó Chúil Raithin i gContae Dhoire é Antain Mac Lochlainn. Cuireadh a chéad úrscéal, Ruball an Éin. ar ghearrliosta Dhuaiseanna Glen Dimplex 2006, agus tá cáil nach beag air mar aistritheoir liteartha. D’fhoilsigh Leabhar Breac Tóraíocht na Dea-Bheatha leis in 2021.

Rentrée na Bliana Seo

Ar na leabhair eile atá ar a mbealach i dtír, tá an t-úrscéal Fiche le Colm Ó Ceallacháin, úrscéal do dhéagóirí le Antain Mac Lochlainn, Éanna Corr, leabhar ar litríocht na Gaeilge le míle bliain anuas, Deoch an Tobair le Diarmuid Johnson, agus an t-úrscéal Bódailéar le Darach Ó Scolaí — chomh maith le heagrán nua de Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus de Ar Luch agus ar Dhuine.