Radvan Markus & Máirín Nic Eoin
Loci autem mons curvatur in modum delphini, marini porci, tendens usque in predictum amnem. Ad quem cum perveneritis, invenietis hominem in media silva limen domus operantem. Et quia ad humile limen etiam magni domini se inclinant, ex eventu rei urbem, quam edificabitis, vocabitis Pragam. — Cosmas, Chronica Bohemorum, 1119-1125. [San áit sin, lúbann an sliabh, ar nós deilfe, muice mara, i dtreo na habhann thuasluaite. Nuair a thiocfaidh sibh ann, feicfidh sibh fear i lár coille ag déanamh tairseach tí. Agus toisc go n-umhlaíonn tiarnaí móra, fiú, ag tairseach íseal, tabharfaidh sibh Prág, de bharr na heachtra seo, ar an gcathair a thógfaidh sibh.]
Roghnaíodh an sliocht seo as croinic mheánaoiseach na Boihéime mar eipeagraf don chomhdháil idirnáisiúnta ‘Ar an Imeall i Lár an Domhain?’: An Tairseachúlacht i Litríocht agus i gCultúr na hÉireann agus na hEorpa.
Tionóladh an chomhdháil i bPrág, príomhchathair Phoblacht na Seice, in 2017. Mar a fheictear ón sliocht, samhlaíodh d’údar na croinice go bhfuil ceangal sanasaíoch idir an focal Seicise don tairseach, ‘práh’, agus ainm na cathrach. D’aontódh saineolaithe teanga an lae inniu leis, ach amháin nach tairseach tí a bhí i gceist i ndáiríre, ach tairseach san abhainn, áth nó áit a bheadh oiriúnach chun an abhainn a thrasnú, mar atá i gceist san iliomad ainmneacha bailte in Éirinn, ainm na príomhchathrach ina measc. Ach ní hamháin sin. Umhlaíonn tiarnaí móra, fiú, ag humile limen, tairseach íseal. Agus is fíor go bhfeidhmíonn tairseacha sa chiall is leithne den fhocal go minic ar an mbealach seo. Agus muid á dtrasnú, cuirtear amhras orainn, ceistítear ár gcuid údar mórtais agus cinnteachta agus spreagtar smaointe úra ionainn.
Coincheap na tairseachúlachta
Ar an ábhar sin, cuimsíonn an sliocht seo na cúiseanna ar roghnaíodh coincheap na tairseachúlachta mar théama na comhdhála. Ceann de na tairseacha is tábhachtaí a pléadh is ea an tairseach idir an lár agus an t-imeall. Baineann an coincheap seo le Prág arís — is cathair i gcroílár na hEorpa í, ach go minic sa stair, tharla di a bheith ar imeall impireachtaí éagsúla. Tá baint ag an gcoincheap leis an nGaeilge freisin — breathnaítear uirthi mar ghné lárnach den fhéiniúlacht náisiúnta ach, ag an am céanna, is teanga imeallaithe ina tír féin í. Agus, cé go labhraítear ar oileán ar imeall na hEorpa í, tá teagmháil (agus, go minic, coimhlint) láidir idir í agus an teanga is lárnaí ar chlár an domhain, i.e. an Béarla. Chomh maith le deacrachtaí móra, tá féidearthachtaí ag eascairt as na codarsnachtaí sin, rud a chothaíonn teannas cruthaitheach.
An chomhdháil Ghaeilge ba mhó riamh lasmuigh d’Éirinn
D’fhreastail níos mó ná seasca cainteoir ar chomhdháil Phrág, rud a chiallaíonn gurbh í seo an chomhdháil Ghaeilge ba mhó riamh lasmuigh d’oileán na hÉireann. Chuir lucht eagraithe na comhdhála béim ar an gcaidreamh stairiúil idir Éire agus Prág. Ba i bhfoirgneamh stairiúil de chuid Ollscoil Shéarlais ar Shráid Hybernská (Sráid na nÉireannach) a bhí imeachtaí na comhdhála ar siúl, cúpla slat ó iarcholáiste na bProinsiasach Éireannach a bunaíodh in 1629. Chomh maith leis na páipéir chomhdhála, thug na haoiléachtóirí, Mícheál Mac Craith, Rióna Ní Fhrighil agus Alan Titley, mórléacht an duine sa láthair seo. Bhí deis ag na rannpháirtithe freisin cuairt a thabhairt ar leabharlann mhainistir Strahov, áit a gcoinnítear seanleabhair Éireannacha ón gcoláiste sin. Eagraíodh móroíche fhilíochta agus cheoil i gceann de sheomraí Barócacha na mainistreach seo. I rith na hócáide, a bhí oscailte don phobal i gcoitinne, léigh an file iomráiteach Nuala Ní Dhomhnaill dánta, léigh Alan Titley óna shaothar agus chualathas ceol ón amhránaí Kateřina García agus ón gcláirseoir Síle Denvir. Léadh na saothair litríochta as Gaeilge agus in aistriúcháin Seicise a rinneadh d’aonghnó don ócáid speisialta seo. Dá réir sin, fuair cultúr na Gaeilge ardán i gceartlár na hEorpa.
An tImeall agus an Lár
Thaispeáin téamaí na bpáipéar a ilghnéithí is atá Léann na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Cé gur dhírigh formhór na bpáipéar ar litríocht na Gaeilge ó na Meánaoiseanna i leith, bhí baint ag roinnt shuntasach acu leis an stair, leis an mbéaloideas, leis an tsochtheangeolaíocht agus leis na daonnachtaí digiteacha. Tugadh tús áite do pháipéir a dhírigh ar nualitríocht na Gaeilge agus dóibh siúd a phléigh naisc idir Éire agus Mór-Roinn na hEorpa.
Tagann téama amháin aníos go minic. Feictear arís agus arís eile nach féidir muinín a chur sa déscaradh traidisiúnta idir an t-imeall agus an lár, ná idir an dúchas agus an domhan. Scríobhtar an litríocht is suimiúla agus tarlaíonn na forbairtí cultúrtha is suntasaí nuair a bhíonn cumarsáid chruthaitheach idir an dá phrionsabal, nuair a chomhlánaíonn siad a chéile. I bhfocail eile, tá buntáistí ag baint leis an tairseach mar shuíomh — díreach mar a samhlaíodh do Cosmas, údar chroinic mheánaoiseach na Boihéime. D’fhéadfadh impleachtaí fairsinge a bheith ag an ráiteas seo, agus d’fhéadfadh ár gcuid ceannairí polaitiúla fiú ábhar inspioráide a ghlacadh uaidh.