Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde

Robert Louis Stevenson

12.95

184 lch; Evertype; clúdach bog; 978-1-78201-075-3

Scéal scáfar uafar a chuirfidh alltacht agus anbhá ar lucht a léite. Dearmad na léirithe éadroma de atá feicthe agat i scannáin agus cruinnigh do mhisneach le dul i bhfiontar sceimhle síceolaíoch Jekyll agus Hyde.

Atmaisféar Dúrúnda Dhún Éideann

Is i Londain atá an t-úrscéal suite mar dhea, ach tá gach uile leathanach de ar maos in atmaisféar dúrúnda Dhún Éideann — an áit ar rugadh Robert Louis Stevenson.

É aistrithe ag Conall Ceárnach agus léaráidí nua ann le Mathew Staunton.

Sárscéal Uafáis nó Fáithscéal Gnéis?

Sárscéal uafáis, fabhalscéal Freudach, parabal moráltachta nó fáithscéal gnéis? Nó iad sin ar fad in aon úrscéal amháin atá sa leabhar seo atá ar cheann de na húrscéalta is cáiliúla le Stevenson.

“Bhí ina lámh aige bata trom, agus é ag imirt leis; ach níor fhreagair sé focal, agus ba dhóigh le duine air go raibh sé ag éisteacht le mífhoighne ba dheacair a chosc. Agus ansin ar iompú na boise bhris ar an bhfoighne aige le rabharta feirge, bhuail sé a leathchos in aghaidh an talaimh, bheartaigh sé an bata, agus d’iompair sé é féin ar nós duine buile. Chuaigh an sean duine uasal coiscéim ar gcúl, agus cosúlacht air go raibh ionadh air agus é goillte beagán. Leis sin chuaigh Mr Hyde thar na bearta ar fad, agus leag sé ar talamh le buille bata é. Agus nóiméad ina dhiaidh sin, le fíochmhaire ápa, bhí sé ag satailt ar an gcorpán faoina chosa, é ag radadh stoirme buillí anuas air a bhris na cnámha le torann agus a thug ar an gcorp damhsa ar an mbóthar.”

Éist leis an bpodchraoladh