Úrscéalaí, file, agus scríbhneoir taistil ab ea Robert Louis Stevenson. I nDún Éideann na hAlban a rugadh é, ar an 13 Samhain 1850. I gcaitheamh a shaoil, bhain droch-shláinte dó.

Book Cover, clúdach leabhairTréimhsí sa Ghaeltacht

Ba iad a sheanathair, a athair, a chuid uncailí agus col ceathracha leis a dhear agus a thóg go leor de na tithe solais in Albain, agus chaith Robert féin tréimhsí le linn a óige i nGaeltacht na hAlban fad a bhí a athair ag obair ar thithe solais ann.

Chaith sé roinnt seachtainí in 1870 i gcuideachta a athar ar oileán Earraid, láimh le Muile in Oirear-Ghael, áit ar thóg a athair teach solais ann. Ní hamháin go suitear caibidil as An Fuadach in Earraid, ach is léir gur chuir Stevenson eolas maith ar phobal na Gaeltachta, rud is léir in An Fuadach.

Clúdach leabhair, book coverTearmann ar Oileán Samó

In ainneoin na droch-shláinte, rinne Stevenson go leor taistil, agus chaith sé tréimhsí ina chónasa bhFrainc, i Meiriceá, agus sa Mhuir Chiúin. Ar deireadh, shocraigh sé siós lena bhean i Samó agus is ann a bhain sé suaimhneas amach agus inar chaith sé blianta deireanacha a shaoil.

Scríbhneoir a bhí aitheanta lena bheo

Aithnítear leabhair dá chuid go coitianta i measc chlasaicí na litríochta domhanda. Scríobh Stevenson dhá cheann de na leabhair is cáiliúla do léitheoirí óga riamh – Oileán an Órchiste agus An Fuadach. Téama coitianta ina chuid leabhar is ea oileáin agus loingseoireacht. Bhain sé cáil amach mar scríbhneoir lena bheo. Áirítear anois é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a bhfuil aistriúcháin déanta ar a shaothar.

Bhásaigh Stevenson le stróc ar an 3 Nollaig 1894 in Vailima, Samó, in aois a 44 bliana dó. Ar a shaothar tá na leabhair Oileán an Órchiste (Treasure Island), An Fuadach (Kidnapped); Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde (The Strange Case of Dr. Jekyll and Mr. Hyde), agus Maighistir Bhaile na Trágha (The Master of Ballantrae).