Breandán Ó Cróinín

Fear ildánach liteartha, fear polaitíochta agus duine des na pearsain ba mhó le rá i saol na Gaeilge in aimsir na hAthbheochana ab ea Pádraig Ó Siochfhradha (1883–1964), nó an Seabhac mar ab fhearr aithne air.

Seanchlúdach leabhair, old book coverBheadh a ainm in airde mura mbeadh déanta aige ach an obair eagarthóireachta a dhein sé ar shaothar Thomáis Chriomhthain ón Oileán Tiar ach, taobh amuigh de sin, is mó saothar litríochta a chur sé de i gcaitheamh a shaoil: chuir sé mórán scéalta béaloideasa a bhí bailithe aige féin i gcló, bhailigh agus d’fhoilsigh sé logainmneacha Chorca Dhuibhne is Uíbh Ráthaigh, d’oibrigh sé mar iriseoir, agus mar eagarthóir, d’aistrigh sé saothair éagsúla go Gaeilge – Beatha Theobald Wolfe Tone (1932) ina measc – agus scríobh sé na leabhair cháiliúla Jimín Mháire Thaidhg (1921) agus An Baile Seo Againne (1913), saothair a bhfuil éileamh orthu i gcónaí. Agus gan amhras, chuir sé mórán seanscéalta in oiriúint do léitheoirí Gaeilge a linne féin, an chéad cheann acu, An Ceithearnach Caolriabhach, sa bhliain 1910.

Fear Bhaile an Ghóilín

Ba dheacair, gan dabht, duine níos oiriúnaí ná é a fháil chun an scéal mór Fiannaíochta, Cath Fionntrá, a chur in oiriúint do phobal léitheoireachta na Gaeilge óir mar dhuine a saolaíodh i mBaile an Ghóilín i gCorca Dhuibhne – gan ach dhá mhíle go leith nó mar sin soir ó láthair an aicsin ar thráigh Fionntrá – is fuirist a dhéanamh amach cad ina thaobh go gcuirfeadh sé suim sa scéal áirithe seo.

Portrait of reviewerAistriúchán ‘inmheánach’ máistriúil

Sa bhliain 1911 bhuaigh Ó Siochfhradha an chéad duais i gcomórtas Oireachtais chun ‘Scéal ón tSean-Ghaeilge nó ón Meán-Ghaeilge a chur i nGaeilge na haimsire seo’ as feabhas a athinsinte ar an scéal so. D’fhoilsigh Connradh na Gaedhilge Cath Fionntrágha, Aithinsint ar an Seinsgéal as Gaedhilg na haimsire seo sa bhliain chéanna agus is léir d’éinne a léifidh an saothar so sa lá atá inniu ann gur aistriúchán ‘inmheánach’ máistriúil is ea é. Sa tseanchló Gaelach a foilsíodh é dar ndóigh ach is i Nua-Ghaeilge ríshaibhir an tSeabhaic atá sé scríte, rud a fhágann ná raibh le déanamh don athchóiriú nua atá déanta agamsa i mbliana, don chuid is mó, ach an cló Rómhánach a bhualadh air is an litriú a leasú de réir nósanna na haimsire seo sa tslí is go mbainfeadh léitheoirí an lae inniu an pléisiúr céanna as is a bhain léitheoirí céad bliain ó shin.

An uile thír sa domhan faoina smacht … ach Éire amháin

Maidir leis an scéal féin, is léir cad fáth go dtaitneodh sé chomh mór san le Gaelaibh ar feadh na gcéadta bliain (bhí an scéal á chóipeáil sna lámhscríbhinní go dtí lár na naoú haoise déag) go háirithe agus an tslí ina bhfuil cur síos ann ar Fhianna Éireann ag cosaint na tíre go cróga i gcoinnibh ionraitheoirí dásachtacha atá ag iarraidh Éire a chloí le láimh láidir.

Óir is scéal é Cath Fionntrá a chuireann síos ar an iarracht a dheineann Dáire Donn mac Loinscinn Lomhghlúinigh, nó ‘Rí an Domhain’ mar a thugtar air, Éire a chur faoi chois toisc go raibh ‘an domhan agus an uile thír sa domhan faoina smacht aige, ach Éire amháin.’

Nuair a chloiseann Dáire go bhfuil cúis ag Bolcán, Rí na Fraince ar Fhionn mac Cumhaill – i dtaobh gur thug a bhean agus a iníon grá d’Fhionn agus gur éalaíodar go hÉirinn leis – tapaíonn sé an deis chun fórsaí ollmhóra a bhailiú le chéile agus ionsaí míleata a dhéanamh ar Éirinn d’fhonn díoltas a bhaint amach ar Fhionn, mar dhea.

Book cover | Clúdach leabhairImpiriúlachas Shasana agus an Athbheochaint

Gan dabht, níl sa mhéid seo ach leithscéal ag Rí an Domhain chun ionradh a dhéanamh ar thír bheag agus ní deacair a shamhlú cén léamh a dhéanfadh na Gaeil ar an scéal so ag tús na fichiú haoise tráth a raibh an tír ar fad faoi smacht ag Sasana agus gluaiseachtaí cultúrtha agus polaitíochta na hAthbheochana faoi lánseol in Éirinn ag iarraidh daoine a spreagadh chun gnímh.

Dar ndóigh, bhí fórsaí móra an impiriúlachais ag ullmhú chun bruíne san Eoraip an uair úd leis, agus níorbh é dearúd an tSeabhaic gan é sin a chur i gcuimhne dá chuid léitheoirí faoi mar atá soiléir sa sliocht so ó thosach an téacsa mar a bhfuil a ghuth féin le clos:

Ach ní fonn díoltais amháin a bhí ar Dháire Donn. Bhí ceapaithe aige le fada roimhe sin Éire a ghabháil, ach ní raibh leithscéal a dhóthain aige chun cabhair a bhailiú. Sholáthraigh sé an leithscéal faoi dheireadh agus bhailigh sé cabhair ar scáth an leithscéil sin. Dá sceithfeadh sé air gur d’aonghnó chun Éire a chur faoi chois a bhí sé, agus nach ar mhaithe le Rí na Fraince, ní bheadh an fuadar céanna faoi na ríthe eile dul ina theannta. Bhí a fhios san go maith ag Dáire Donn, agus thuig sé nár mhór dó gliocas a imirt. D’imir sé an gliocas agus d’éirigh leis. Ní raibh de chroí d’Éirinn aige le fada an lá ach ‘iarraim cúis chugat.’ Ní raibh aon chúis amuigh aige uirthi go dtí sin. Ansin fuair sé an chúis, agus ní raibh ní ar bith chun é a chosc. Sé an dálta céanna ag an saol é ó shin riamh. Tá dálta an rí úd dá dhéanamh ag ríthe agus ag lucht cumhachta an tsaoil seo inniu againn. (Cath Fionntrá, 1

Súil ghéar an tseabhaic ar Kuno Meyer

Taobh amuigh de roinnt bheag sleachta den tsaghas so atá le fáil anso is ansiúd sa téacs áfach, tá leagan so an tSeabhaic an-dílis d’insint an scéil faoi mar atá sé sa lámhscríbhinn bhunaidh agus ba dhóigh le duine go raibh súil ghéar á coimeád aige ar théacs Kuno Meyer ón mbliain feadh an ama agus é i mbun a leagan féin a scríobh sa tslí is gur féidir le léitheoirí an lae inniu a thuiscint go bhfuil an leagan nua- aimseartha so an-chóngarach don scéal faoi mar a bhí sé á sheachadadh sna lámhscríbhinní ar feadh na gcéadta bliain.

Guth an údair sa téacs

Óir, más fíor go bhfuil guth Uí Shiochfhradha le clos anois is arís sa téacs, ní fhágann sé éinní amach ó thaobh an phlota ina dhiaidh sin, ná ní chuireann leis puinn, agus ar chuma éigin éiríonn leis fanacht dílis don bhunleagan ó thaobh teangan agus stíle dhe tríd síos. Gan amhras, bhí air feoil a chur ar shleachta áirithe agus ar chomhráite d’fhonn an insint a chur in oiriúint do lucht a chomhaimsire, agus ní dóigh liom go bhfuil aon amhras ná gur éirigh leis é sin a dhéanamh ar shlí an- ealaíonta ar fad.

Dea-shampla dá chur chuige is ea an turas farraige chun na hÉireann a dheineann Rí an Domhain i dteannta na bhfórsaí ollmhóra atá bailithe aige, mar a bhfuil macalla le clos ón gcurfá cáiliúil úd in Rosc Catha na Mumhan – ceann d’amhráin mhóra Phiarais Mhic Gearailt:

D’éirídís go buacach ard de dhroim gacha maoltoinne agus shleamhnaídís
le fánaidh síos arís ar an taobh eile,
agus ní bhaineadh lagadh ná staonadh
den diansiúl. Ba chosúil le míol mór
éigin mara gach long acu ag cur na farraige dá cliathánaibh agus dá fáil
ina diaidh ina cúr bán bolgshúileach.
Bhí an lucht iomartha ar a ndícheall
agus súil gacha duine acu ar bhais
a mhaide rámha féin agus a chos i bhfeac aige agus saothar air. Ní raibh
le clos ach gíoscán na maidí rámha leis
na dulaibh agus leis na hábharaibh,
agus saothar agus cneadaíl na bhfear,
agus caismirt agus torann na dtonn le sleasaibh na long agus na gcurach. Bhí
na sraitheanna maidí dá gcomhardú agus dá gcomhchur san uisce agus dá gcomhardú arís, agus ba dheas a bheith dá bhféachaint ar an gcomhainliú san.
(Cath Fionntrá 15–6)

Chomh maith lena bheith dílis don bhunleagan más ea, beidh sé soiléir ón méid seo ní hamháin go bhfuil leagan so an tSeabhaic an-soléite, ach go bhfuil saibhreas iontach Gaeilge le fáil ann ina theannta san, saibhreas a thug an Seabhac leis óna mhuintir féin sa chéad áit agus, chomh maith leis sin, saibhreas breise a thug sé leis ón staidéar a dhein sé ar an seanlitríocht.

Is féidir a rá, dá bhrí sin, gur éacht ó thaobh na teangan féin atá sa tsaothar so sa tslí is go bhfuil cumasc suaithinseach de Ghaelainn bheo Chorca Dhuibhne agus de sheanteanga na lámhscríbhinní curtha ar fáil ag an Seabhac ar shlí nár sáraíodh riamh b’fhéidir.

Ina theannta san, gan amhras, bheadh orainn aitheantas a thabhairt do pé duine a chum an scéal an chéad lá, óir tá an seanscéal féin lán des na dea-thréithe scéalaíochta a mbeimis ag súil leo in aon téacs ó shraith na Féinne: carachtair shuaithinseacha, draíocht, aicsean, díoltas, marú, uafás, caithréim agus tragóid. Cad eile a bheadh uainn?

Go deimhin, mairfidh cuimhne na gcarachtar is na n-eachtraí a gcuirtear síos orthu in Cath Fionntrá ar feadh i bhfad i samhlaíocht an léitheora: Dáire Donn agus a chomhluadar á stiúrú ag Glas mac Dreamhain chun ‘cuan agus róid’ a bhaint amach ‘i gCuan Fionntrá in iarthar Chorca Dhuibhne; Conncrithir, an foraire, a dhúisítear as a chodladh agus a throideann go cróga ina dhiaidh san; an babhta diamhair iomrascála idir Taistealach Tréanmhór agus Coimleathan mac Toithim; teacht fhórsaí athneartaithe Thuatha Dé Danann is na Féinne; éachtaí Fhiann Chúige Mumhan, agus go háirithe Oscar na mBéimeann, sa chath i dteannta laochra mar Gholl Garbh mac Rí Alban; Bolcán, Rí na Fraince, ag imeacht ina gheilt ó pháirc an chatha le heagla agus sceimhle roimh Oscar; an cur síos iontach ar an gcomhrac idir Oisín mac Finn agus Garbh mac Tachair; Dolar Durba ag teacht chun na trá agus an scrios a dheineann sé ar laochra na Féinne; Goll, mac óg Rí Uladh, a throideann go misniúil ina choinnibh go bás; an comhrac aonair idir Droimdhearg, Rí Féinne Uladh, agus Caiseal Clúmhach, Rí Lochlann; naoi nGarbh na Féinne agus na Fir Dreagan i ngreamanna a chéile; Labhrann Lámhfhada ag triall ar Thír na bhFear bhFionn d’fhonn na hairm a dhein Gabha Ifrinn a bhreith leis; an ‘mórchath’, arb é buaic an scéil é, a chuirtear inár láthair le cabhair tráchtaireachta ó Fhearghas Finnbhéil; Fionn féin á fhéachaint le Rí an Domhain agus le hÓgharmach, iníon Rí na Gréige; agus bás tragóideach Chaoil agus an caoineadh doilíosach a dheineann Geilghéis air i ndeireadh thiar thall.

Níor dheacair a shamhlú cén bhrí nó teachtaireacht a bhainfeadh an lucht léite agus éisteachta as Cath Fionntrá in imeacht na n-aoiseanna, pé cuspóirí a bhí ag an té a scríobh an chéad leagan de. Óir, faoi mar atá ráite cheana, scéal is ea é a léiríonn Fianna Éireann mar chosantóirí cróga na hÉireann i gcoinnibh ‘fhorneart eachtrann’, faoi mar a dúirt Seathrún Céitinn ina mhórshaothar staire fadó, agus dar ndóigh tuigeadh go raibh an chosaint seo ar cheann des na príomhdhualgaisí a bhí ar na Fianna de réir an traidisiúin.

Formhór mór na gcóipeanna de Cath Fionntrá dá bhfuil againn inniu, scríobhadh san ochtú agus sa naoú haois déag iad, tráth a raibh cos ar bolg á himirt ar na Gaeil ag dream a bhí ag iarraidh an pobal dúchais a scriosadh, agus dob fhuirist a shamhlú dá bhrí sin go raibh, ag leibhéal éigin, feidhm fháthchiallach, pholaitiúil ag an scéal so chomh maith leis an bhfeidhm eile a bhí aige mar scéal eachtraíochta – sé sin chun tamall siamsaíochta a sholáthar do dhaoine.

Is é atá i gceist agam leis seo ná go bhféadfaí a thuairimiú go dtabharfadh Cath Fionntrá misneach dos na Gaeil a léifeadh an scéal, nó a chloisfeadh an scéal á léamh amach ós ard, ar chor go mbraithfidís go mb’fhéidir go bhféadfaidís féin sampla na Féinne a leanúint agus éirí suas lá éigin le mórtas cine chun a dtír, a dteanga agus a gcultúr féin a chosaint ar bhulaíocht lucht na cumhachta.

Is léir, dar liom, gurb é sin an tuiscint a bhí ag an Seabhac ar an téacs nuair a bhí sé féin ag scríobh a leagain féin de ar thairseach ré nua in Éirinn breis is céad bliain ó shin, agus dob é an t-éacht a dhein sé ná leagan a chur ar fáil do lucht a chomhaimsire a d’fhéadfaí a léamh go saoráideach; é úrnua, friseáilte mar théacs an uair úd ach, ag an am gcéanna, é dílis don bhunscéal a scríobhadh fadó.

Is é an teist is mó atá ar shaothar so an tSeabhaic, dar liom, ná go bhfuil an úire chéanna ag baint leis anois faoina chló nuachóirithe agus a bhí ag tús na fichiú haoise. Táthar ag súil, mar sin, go mbainfidh léitheoirí na Nua-Ghaeilge an taitneamh céanna as anois is a baineadh as fadó, agus murab é an léamh polaitiúil, meafarach is túisce a dhéanfaí ar an scéal i gcás na hÉireann anois ní gá dhúinn ach féachaint mórthimpeall chun go bhfeicfimis go mbíonn cathanna ar nós an chatha in Cath Fionntrá le troid in áiteanna ar fuaid an domhain i gcónaí.

Tá an Dr Breandán Ó Cróinín ina Cheann ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál Luimneach.