“Bhí Feargal Ó Béarra ar dhuine de na daoine ba chumasaí dár casadh ariamh orm; bhí bua na scoláireachta aige, bua an cheoil agus bua na scríbhneoireachta — agus crua-Ghaeilge le cois.
“Bhí sé d’ádh orainne, i Leabhar Breac, a bheith ag obair leis, agus is féidir liom a rá gur duine é a bhí éilitheach ó thaobh na hoibre de — leag sé caighdeán ard síos dó féin agus dúinn uilig: b’fhuath leis sleamchúis agus siléig. Agus cé gur ídigh sé a chantal orm féin nuair ba ghá, pléisiúr a bhí ann a bheith ag obair leis mar go mbíodh dea-thoradh ar an obair sin i gcónaí agus go mbíodh muid uilig de shíor ag foghlaim uaidh.
“Gan a chuid scríbhinní acadúla a chur san áireamh, dhá shaothar ficsin atá againn óna pheann, An Tromdhámh (2018), a ghnóthaigh Gradam Leabhar na Bliana 2019, agus Mé Suibhne (2021), agus is mór i gceist iad. Ní leor a rá gur athleagan ar sheanscéal aon cheann den dá leabhar sin, mar is saothar iomlán nua gach aon cheann acu, agus is mór an chomaoin a chuir an dá leabhar ar lucht léite na Gaeilge.
“Ní bréag a rá gur bhain an dá shaothar sin croitheadh as saol na litríochta — tonnchreathadh a bheas le haireachtáil go ceann i bhfad — mar, cé gur saothrú ar an tseanlitríocht atá i gceist sa dá leabhar, rinne Feargal sintéis ghlan ar an sean is ar an nua ina chuid scríbhneoireachta, agus dá réir sin rinne sé aclú ar phrós na Nua-Ghaeilge ar bhealaí nár thriail aon scríbhneoir eile lenár linn. Go deimhin, sa dá leabhar sin tá slata tomhais leagtha síos aige don rud is dea-phrós ann — agus is beag scríbhneoir inniu a bhfuil sé ar a chumas an caighdeán ard sin a bhaint amach.
“Le cúpla lá anuas, agus an bás á shaothrú ag Feargal, d’fhill mé ar An Tromdhámh, agus in ainneoin an bhróin agus an bhriseadh croí, bhain Feargal gáire asam arís is arís eile lena dheisbhéalacht féin agus le greann na Tromdháimhe. Ní raibh an leabhar ach leagtha uaim ar maidin agam nuair a fuaireamar an drochscéala.
“Déanaimid comhbhrón lena bhean Maedhbh, lena chlann agus lena mhuintir uilig. Tá Feargal anois ar an Tromhdhámh sin thuas, suaimhneas síoraí air.”
— Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac