Gan é bliain féin ar lár, aithnítear an caillteanas mór inár measc agus duine de na scríbhneoirí, de na cumadóirí ceoil, agus de na scoláirí ba mhó a bhí againn sciobtha uainn. “scoláire agus scríbhneoir Gaeilge i mbláth a mhaitheasa” a thug an tOllamh Máirín Ní Dhonnchadha air.

Le blianta beaga anuas, rinne sé athchóiriú ar phéire de sheanscéalta móra na Gaeilge, ‘Tromdhámh Guaire’ agus ‘Buile Shuibhne’. Bronnadh gradam Leabhar na Bliana 2019 ar ‘An Tromdhámh’, agus bhí an leabhar céanna ar ghearrliosta Ghradam na Leabhar Gaeilge An Post Irish Book Awards an bhliain sin. In 2021 a foilsíodh an leabhar is nua leis, ‘Mé Suibhne’.

Arsa an foilsitheoir Darach Ó Scolaí, “Bhí Feargal Ó Béarra ar dhuine de na daoine ba chumasaí dár casadh ariamh orm; bhí bua na scoláireachta aige, bua an cheoil agus bua na scríbhneoireachta — agus crua-Ghaeilge le cois.

Pictiúr den údar | Photo of the author“Bhí sé d’ádh orainne, i Leabhar Breac, a bheith ag obair leis, agus is féidir liom a rá gur duine é a bhí éilitheach ó thaobh na hoibre de — leag sé caighdeán ard síos dó féin agus dúinn uilig: b’fhuath leis sleamchúis agus siléig. Agus cé gur ídigh sé a chantal orm féin nuair ba ghá, pléisiúr a bhí ann a bheith ag obair leis mar go mbíodh dea-thoradh ar an obair sin i gcónaí agus go mbíodh muid uilig de shíor ag foghlaim uaidh.

“Gan a chuid scríbhinní acadúla a chur san áireamh, dhá shaothar ficsin atá againn óna pheann, An Tromdhámh (2018), a ghnóthaigh Gradam Leabhar na Bliana 2019, agus Mé Suibhne (2021), agus is mór i gceist iad. Ní leor a rá gur athleagan ar sheanscéal aon cheann den dá leabhar sin, mar is saothar iomlán nua gach aon cheann acu, agus is mór an chomaoin a chuir an dá leabhar ar lucht léite na Gaeilge.

“Ní bréag a rá gur bhain an dá shaothar sin croitheadh as saol na litríochta — tonnchreathadh a bheas le haireachtáil go ceann i bhfad — mar, cé gur saothrú ar an tseanlitríocht atá i gceist sa dá leabhar, rinne Feargal sintéis ghlan ar an sean is ar an nua ina chuid scríbhneoireachta, agus dá réir sin rinne sé aclú ar phrós na Nua-Ghaeilge ar bhealaí nár thriail aon scríbhneoir eile lenár linn. Go deimhin, sa dá leabhar sin tá slata tomhais leagtha síos aige don rud is dea-phrós ann — agus is beag scríbhneoir inniu a bhfuil sé ar a chumas an caighdeán ard sin a bhaint amach.”

leabhar á síniú ag an údar | a book-signing by the author

I mBoth Chuanna, taobh thiar denm Spi∂eal a tógadh Feargal.  Bhronn Ollscoil na Gaillimhe MA air sa bhliain 1994 agus Ph.D in 2004. Léachtóir ollscoile ab ea é agus suim ar leith aige sa Luath-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge mhoch. Bhí ardmheas air mar theagascóir.

Ag obair in Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil mar aistritheoir a bhí sé sna 2010idí, obair ar thug sé “ceird nár chol le Clanna Gael” uirthi.

Tá a shaothair, Mé Suibhne agus An Tromdhámh, ar athchóiriú iad ar sheanchas na nGael, áirithe ar shárleabhair Gaeilge na mílaoise nua. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar Gaeilge na Bliana ar An Tromdhámh in 2019.

Bhí Feargal Ó Béarra tinn le tamall nuair a fuair sé bás roimh am ar 21 Nollaig 2022. Maireann a chéile, Maedhbh Nic Dhonnchadha, a pháistí Aindrias Micheál, Saileog Bairbre agus Piaras, agus a mháthair, Sorcha Uí Bhéarra.