Nós réasúnta nua is ea Leabhra Feabhra, nó leabhar a bhronnadh ar chara nó ar dhuine muinteartha i mí na Féile Bríde. Ní hé sin le rá nach gníomh seanbhunaithe é óir bhí cáil na flaithiúlachta agus cáil an léinn ar Ghaeil riamh, agus an-dílseacht acu d’fhéilte móra na bliana.

“Le gach Bó a Bóín, le gach Leabhar a Mac-Leabhar”

Go deimhin is é Colmcille is mó a luaitear le leabhair, an naomh a chuaigh chun cogaidh mar gheall ar shárú cóipchirt (le gach bó a bóín agus le gach leabhar a macleabhar!!) ach is i mí an Mheithimh atá lá fhéile Cholmcille ann. Deirtear gur mar gheall ar an easaontas seo idir Cholmcille agus an tArdrí Diarmuid a troideadh Cath Cúil Dreimhne láimh le Droim Cliabh sa bhliain 561, agus gurb é an t-ár sin ba chúis lena imeacht go hOileán Í.

Dar ndóigh, luaitear Colmcille freissin leis an gCathach (atá san Ar-Mhúsaem), agus le Beatha Cholmcille, beatháisnéis a leagtar ar an taoiseach Mánas Ó Dónaill.

Bríd Bandia na bhFilí

Maidir le Bríd (nó Brighid), bandia a bhí inti i dtús báire, bandia Gaelach agus bandia i measc na gCeilteach roimhe sin, agus dar le Sanas Chormaic go raibh an-ómós ag na fili di, mar sin tá an t-ómós speisialta seo tuilte di i mí na bhfuíoll!

Leabhra Feabhra do Shean is Óg

Agus maidir le Leabhra Feabhra féin, nós é seo a bhunaigh léitheoirí leabhar le grá don léitheoireacht agus do na leabhair — nós é nár mhiste a chothú agus a neartú. I mbliana, tá teacht ar réimse mór leabhar do shean is óg ó fhoilsitheoirí agus ó shiopaí leabhar ar-líne. Mar sin, tapaigh an deis chun páirt a ghlacadh i dtraidisiún Leabhra Feabhra agus bronn leabhar mar fhéirín ar dhuine éigin an mhí seo!