0 Items

Pictiúrleabhair Áille Neamhghnácha

Faoi dheireadh thiar, tá trí leabhar nua curtha leis an tsraith Mac Tíre. Trí leabhar a bhí sa tsraith go dtrí seo: An Mac Tíre nach raibh Sásta Siúl, An Mac Tíre a raibh Faitíos an Domhain air, agus An Mac Tíre a bhí sa Tóir ar an nGrá.

Ar cheann de na sraitheanna pictiúrleabhar do pháistí is mó rachairt i nGaeilge faoi láthair tá an tsraith álainn Mac Tíre leis an údar Francach Orienne Lallemand — go deimhin, ní in Éirinn amháin atá na leabhair seo á léamh ach ar fud na hEorpa.

Curtha leis an mbailiúchán breá sin anois tá An Mac Tíre a Chuaigh go Tóin na Farraige, An Mac Tíre a bhí ina Shár-Laoch, agus An Mac Tíre a Thaistil an Domhan. Trí scéal úrnua leis an mac tíre breá ceanndána seo.

Scéalta an Mhic Tíre

Sna scéilíní deasa seo is iad na rudaí céanna a dhéanann imní do Mhac Tíre agus a bhíonn ag déanamh imní do gach páiste — an grá; siúl ar scoil; a bheith cróga, srl.

Leabhair álainn soláimhseáilte iad le léamh os ard sa bhaile nó ar scoil. Agus is díol suntais na pictiúir áille neamhghnácha le Eleonóre Thuilier, agus na dathanna breátha bríomhara.

Údar Mac Tíre agus Macán ina Cónaí sa Bhriotáin

Sa Fhrainc, in 1972, a rugadh an t-údar Orianne Lallemand. tá cónaí uirthi féin is a fear céile is a ceathrar páistí in Dinard sa Bhriotáin. Nuair nach mbíonn sí ag scríobh, bíonn sí ag obair le páistí sna scoileanna agus sna leabharlanna. Tá leabhair foilsithe aici leis na foilsitheoirí móra Beilgacha agus Francacha, Casterman, Gautier-Languereau, Auzou agus Père Castor. Chomh maith leis an tsraith iomráiteach Mac Tíre, is í a scriobh an tsraith Macán freisin.