Your cart is currently empty!
Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
Conamara agus Tíortha Eile!
Tagtha ó na clódóirí faoi dheireadh! Seo chugainn an cnuasach mór filíochta (2015-2015) le Diarmuid Johnson: leathchéad dán i sé cinn de theangacha éagsúla! Agus tír ar leith ag gabháil le gach teanga de na sé theanga sin, tíortha a bhíonn an file a shiúl agus a thaithí. Bíobla mór na farraige Is é Conamara idir thuaidh agus theas tír na Gaeilge san atlas pearsanta fileata seo. Is tír í féin a bhfuil bíobla mór na farraige le síorléamh ann,...Read More
-
Flaitheas: Lá an Phátrúin
Mura bhfuil an t-úrscéal Flaitheas léite go dtí seo agaibh, inniu an lá! Is é inniu an 9 Meitheamh, Lá Pátrúin Cholmcille, an naomh is ábhar don úrscéal le Proinsias Mac a'Bhaird. San úrscéal álainn dea-scríofa seo, cuirtear Colmcille inar láthair ina steillbheatha mar ógánach, Criomhthann. Agus cé gur saol na n-uasal atá i ndán dó, de bharr thragóid phearsanta, caithfidh sé a dhul sa tóir ar shaol de chineál eile ar fad— agus ní gan stró a thabharfaidh sé...Read More
-
Marú na hApann
Ar an 14 Bealtaine 1752 a tharla Marú na hApann (nó Murt na h-Apann; Murt na h-Apainn) mar a thugtar sa Ghaidhlig ar lámhach Chailein Rua Caimbéil. Is é Séamas Stíobhaird a ciontaíodh sa dúnmharú — fear a crochadh san éagóir, mar a síleadh go coitianta ag an am. Éirí Amach 1745 I Leitir Móir gar do Bhaile a’ Chaolais ar an 14 Bealtaine 1752 a maraíodh Cailean Rua Caimbéal ó Ghleann an Iubhair nó an Sionnach Rua mar a...Read More
-
The Five Best Irish Language Novels Since 2000
The Five Best Irish Language Novels Since 2000 Good reads: a list of the top 5 best-selling Irish language novels since the year 2000. An Litir by Liam Mac Cóil This book was shortlisted for the Oireachtas 2012 ‘Book of the Year’ Award. https://leabharbreac.com/en/shop/fiction/an-litir-3/ Books you must read! An Cléireach by Darach Ó Scolaí This first novel won the Oireachtas Prize 2007, and the Gradam Uí Shúilleabháin Award 2008, and was named as ‘the best novel since the turn of...Read More
-
Bódléar: Míorúilt bheag de leabhar
"Mar a bheadh stiúrthóir ar cheolfhoireann, cóiríonn údair an scéil álainn aoibhinn seo a chuid carachtar; nochtann siad agus labhrann siad ag an nóiméad cuí, deirid a bhfuil ag teastáil le rá i mbeagán focal," a scríobhann an Dr Róisín Ní Ghairbhí faoi Bódléar, an t-úrscéal le Darach Ó Scolaí a bhain Duais an Oireachtais amach i mbliana. "Léiríonn siad le leide a bhfuil le léiriú agus cuirtear pobal agus a gceangal le chéile inár láthair le sonc uillinne, leathchogar...Read More
-
Fiche ar an bhFód
Faoi dheireadh thiar, tá úrscéal nua Choilm Uí Cheallácháin ar a bealach amach chuig siopaí leabhar ar fud na tíre. Is fada léitheoirí ag fanacht muid leis an gcéad úrscéal ó údar an dá chnuasach gearrscéalta Ré na bhFathach agus Tír Mhilis na mBeo — úrscéal a bhuaigh Duais an Oireachtais agus Buaicshaothar na Bliana 2023. Scéal Grá faoi Scáth an Deachtóra Scéal grá agus tragóid atá san úrscéal nua, agus is in Éirinn sa tréimhse 1969-1979 a suitear é,...Read More
-
Robert Louis Stevenson agus an Ghaeltacht
Úrscéalaí, file, agus scríbhneoir taistil ab ea Robert Louis Stevenson. I nDún Éideann na hAlban a rugadh é, ar an 13 Samhain 1850. I gcaitheamh a shaoil, bhain droch-shláinte dó. Tréimhsí sa Ghaeltacht Ba iad a sheanathair, a athair, a chuid uncailí agus col ceathracha leis a dhear agus a thóg go leor de na tithe solais in Albain, agus chaith Robert féin tréimhsí le linn a óige i nGaeltacht na hAlban fad a bhí a athair ag obair ar...Read More
-
Seoladh Mór an Oireachtais
Ar 4pm Dé hAoine, Lá Samhna, cuirfear tús le seoladh mór Leabhar Breac ag an Oireachtas i gCill Airne. Is i Svuít 1, Leibhéal 1, san INEC a dhéanfar an seoladh. Leabhair nua na bliana Ar na leabhair a seolfar, tá saothair nua leis na scríbhneoirí Colm Ó Ceallacháin, Alan Titley, Antain Mac Lochlainn, Darach Ó Scolaí,agus Proinsias Mac a’Bhaird Ar 4.30pm, seolfaidh Áine Ní Ghlinn dhá leabhar nua do dhéagóirí, ÓRÓ le hAlan Titley agus ÉANNA CORR le hAntain...Read More
-
Duais an Oireachtais buaite ag Bódléar
Cúis ríméid do Leabhar Breac go bhfuil Duais an Oireachtais san úrscéal bronnta ar an úrscéal nua le Darach Ó Scolaí, Bódléar. Tá an leabhar-i lámha na gclódóirí faoi láthair agus beidh sí ar fáil an mhí seo chugainn. Úrscéal éadrom a phléann le nithe tromchúiseacha "Saothar álainn míorúilteach" a thug an file Aifric Mac Aodha ar an leabhar nua. Úrscéal é a shuitear i mbaile beag ar an gcósta thiar san 19ú haois. Gach samhradh, cumann an máistir scoile...Read More
-
Fiche le Colm Ó Ceallacháin ar an bhfó
Faoi dheireadh is faoi dheoidh, tá úrscéal nua Choilm Uí Cheallácháin i lámha na gclódóirí. Is fada ag fanacht muid leis an úrscéal seo. Tar éis dúinn ár gcuid fiacla a ghearradh ar an dá chnuasach gearrscéalta leis a foilsíodh le seacht mbliana anuas, chuir an scéala gur bhuaigh sé Duais an Oireachtais agus Buaicshaothar na Bliana 2023 le scríbhinn an úrscéil seo uisce lenár bhfiacla! Scéal Grá faoi Scáth an Ghinearáil Scéal grá agus tragóid atá san úrscéal nua,...Read More