Scéalta Nuachta ó Leabhar Breac
-
An Cláirseoir ar an nGearrliosta
Tá an t-úrscéal nua le Diarmuid Johnson An Cláirseoir ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana. Ghnóthaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2025. Fógrófar an buaiteoir ar an 30 Meán Fómhair. "Buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge" Is é a scríobh an tOllamh Máire Ní Annracháin faoin úrscéal nua in Comhar "Idir mháistreacht na teanga, athbheochan sheanstíleanna inste, chruthaitheacht na físe agus stiúir an údair ar gach gné den phlota, tá gaisce déanta ag an scríbhneoir bisiúil...Read More
-
Colmcille: Lá an Phátrúin
Mura bhfuil an t-úrscéal Flaitheas léite go dtí seo agaibh, inniu an lá! Is é inniu an 9 Meitheamh, Lá Pátrúin Cholmcille, an naomh is ábhar don úrscéal le Proinsias Mac a'Bhaird. San úrscéal álainn dea-scríofa seo, cuirtear Colmcille inar láthair ina steillbheatha mar ógánach, Criomhthann. Agus cé gur saol na n-uasal atá i ndán dó, de bharr thragóid phearsanta, caithfidh sé a dhul sa tóir ar shaol de chineál eile ar fad— agus ní gan stró a thabharfaidh sé...Read More
-
Bódléar: An Dúshlán
Lascaine speisialta ar "Bódléar: An Dúshlán" I bpáirt le Listen-Up Irish, tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil lascaine 10% ar fáil do léitheoirí Leabhar Breac don chúrsa Gaeilge ar-líne "Bódléar: An Dúshlán" ach clárú roimh an 20 Aibreán. Cúrsa 60 lá ar-líne é ina léitear agus a phléitear an duaisleabhar Bódléar le Darach Ó Scolaí i gcomhar le múinteoirí agus léitheoirí eile ar-líne. Gach eolas ar https://www.listenupirish.com/bodlear Tá an dearbhán speisialta ar fáil dár gcuid léitheoirí ach an cód...Read More
-
An Cláirseoir i nGaillimh
Tigh Charlie Byrne i nGaillimh ar 6pm Déardaoin 19 Márta, seolfaidh Aodh Ó Coileáin an t-úrscéal nua le Diarmuid Johnson, An Cláirseoir. San úrscéal seo, is é scéal na Normannach agus na mBreatnach roimh ionradh cinniúnach na bliana 1169 a chuirtear inár láthair. "Buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge" Is é a scríobh an tOllamh Máire Ní Annracháin faoin úrscéal nua in Comhar "Idir mháistreacht na teanga, athbheochan sheanstíleanna inste, chruthaitheacht na físe agus stiúir an údair ar gach...Read More
-
Ceas an Chait le Seoladh i nGaillimh
Tigh Charlie Byrne, Déardaoin 12 Feabhra, seolfaidh Máire Ní Neachtain leabhar nua Labhráis Fhinneadha, Ceas an Chait. Pictiúrleabhar do léitheoirí fásta é Ceas an Chait, agus is é Aodh Mac Lochlainn as Baile Átha Cliath a rinne an obair ealaíne ghleoite atá ina bharr maise ar an saothar. As Baile Liam ar an Spidéal an t-údar. Seo é an tríú foilseachán óna pheann, agus an dara cnuasach scéalta atá foilsithe aige. Údar aoibhnis an saothar snoite seo Naoi mbeatha (agus...Read More
-
Trí Glúine Gael le seoladh sna Déise
Dé Sathairn 31 Eanáir, seolfaidh an Dr Ciarán Ó Gealbháin Trí Glúine Gael, eagrán nua den dán fada clúiteach a chum an Déiseach Pádraig Ó Miléadha agus a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1953. Chomh maith leis an dán féin, tá nótaí, gluais agus aiste chritice leis an bhfear eagair, an tOllamh Gearóid Denvir, sa leabhar álainn gleoite seo. Léamh náisiúnaíoch ar stair pholaitiúil agus chultúrtha na hÉireann sa 19ú haois agus isteach sa 20ú haois, agus éacht cheannródaíoch chruthaitheach filíochta, atá...Read More
-
Cnuasach aistí ar Cholmcille le seoladh inniu
Le linn Éigse Cholm Cille nDoiire, in ionad deoiseach Eaglais na hÉireann inniu, a sheolfar an leabhar Fri Selb Séagainn: Aistí ar Ghnéithe D'oidhreacht Choluim Chille inniu. Cnuasach aistí ar thionchar spioradálta, cultúrtha agus litríochta an naoimh atá sa leabhair. Ollscoil Uladh atá i mbun na hócáide agus is iad na heaspaig Donal McKeown (an Eaglais Chaitliceach) agus Andrew Forster (Eaglais na hÉireann) a sheolfaidh an leabhar. Cuid d’Éigse Cholm Cille atá san ócáid. Naomh a raibh tionchar aige ar...Read More
-
An Mórscríbhneoir Seán Mac Mathúna ar Lár
I mBaile Átha Cliath, Oíche Nollag, cailleadh duine de na scríbhneoirí Gaeilge is iomráití le leithchéad bliain anuas, an gearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir, Seán Mac Mathúna. "Máistir i mbun pinn," a thug Éilis Ní Anluain air san Irish Times. (pic: Darach Ó scolaí, Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil agus Seán Mac Mathúna) I dTrá Lí a rugadh an Mathúnach. D’fhreastail sé ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne, agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. I mBaile Átha Cliath a chaith...Read More
-
Spléachadh ar Leabhair an Earraigh
Anseo thíos, tabharfaimid spléachadh gairid ar na leabhair nua a bheidh ar fáil i dtús na bliana 2026, leabhair le hAilbhe Ni Ghearbhuigh, Brian Ó Conchubhair, Máirtín Coilféir agus Darach Ó Scolaí ina measc. Liadain agus Cuirithir I mí an Mhárta tá súil le Liadain, leagan úrnua den seanscéal grá faoi bhanfhile na meánaoise agus a leannán file arna chumadh ag banfhile ár linne féin. Pictiúrleabhar álainn maisithe ag an ealaíontóir Corcaíoch, Chrissie Dervin. Sean-Dearc le Seán Mac Mathúna Tá...Read More
-
Eibinéasar Scrúg agus Taibhsí na Nollag
Is beag duine inniu nár chuala trácht ar úrscéal gearr Charles Dickens, Duan na Nollag (A Christmas Carol). Is ann a insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a shean-chomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh. Eibinéasar Scrúg agus Taibhsí na Nollag Seo é an scéal is cáiliúla riamh faoin Nollaig, agus is ann atá go leor de nósanna na Nollag fréamhaithe — an ghé, an Phutóg Nollag...Read More