Liam Mac Cóil
Scríbhneoir agus criticeoir is ea Liam Mac Cóil. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn na Mí. Tá leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil, ealaíon agus teilifíse.
Ba é a úrscéal An Dochtúir Áthas (1994) an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times. Ó shin foilsíodh úrscéal eile leis, An Claíomh Solais, agus dialann scríbhneoireachta, Nótaí ón Lár, chomh maith le leabhar ar an gcumadóir Charles Villiers Stanford An Chláirseach agus an Choróin: Seacht gCeolsiansa Stanford a foilsíodh in 2010. Bhuaigh a úrscéal Fontenoy Gradam Uí Shúilleabháin 2006.
Chomh maith lena shaothar do dhaoine fásta tá leabhar sa tsraith Scéalta Staire scríofa ag Liam Mac Cóil, Toirealach Ó Cearúlláin. Tá aistriúcháin déanta ón mBreatnais freisin aige, Tiocfaidh Lá le Ffred Ffransis (Carbad, 1977), agus Saibhreas Chnoic Chaspair le J. Selwyn Lloyd (An Gúm, 1981), agus d’fhoilsigh sé stair a áit dhúchais féin, The Book of Blackrock (Carraig Books, 1977, 1981). I gcomhar leis an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, tá Liam ina eagarthóir ar an iris litríochta agus ealaíne Bliainiris.
D’fhoilsigh Leabhar Breac an tríú húrscéal sa tsraith, Lucás Ó Briain in 2019, scéinséir staire a suitear in Éirinn agus ar mhór-roinn na hEorpa sa bhliain 1612. Is iad An Litir agus I dTir Strainséartha an dá leabhar eile sa triológ.
“There is no other novelist in Irish today who writes with the same care, precision and clarity.” — Alan Titley, The Irish Times
Físeán de Liam Mac Cóil ag labhairt ar an scéalaíocht

-
Bealach na Spáinneach
Liam Mac Cóil€15.00Seo é an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, sa tsraith úrscéalta, Lúcás Ó Briain (An Litir). In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás...
-
An Choill
Liam Mac Cóil€16.00Dúisíonn ridire i lár coille agus é mar a bheadh leanbh ann, gan chuimhne aige ar aon ní, gan a fhios aige fiú cá bhfuil sé. Céim ar...
-
An Chláirseach agus an Choróin
Liam Mac Cóil€12.00Cumadóir mór ceoil ba ea Charles Villiers Stanford, b’fhéidir gurb é an cumadóir ba mhó é a tháinig as Éirinn riamh. Sa leabhar breá sómasach seo déantar iniúchadh,...
-
An Litir
Liam Mac Cóil€15.00Gaillimh, earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus Aodh Mór Ó Néill agus...
-
Fontenoy
Liam Mac Cóil€18.00Fontenoy: In Chartres na Fraince fuarthas leathanaigh chlóbhuailte ón 18ú haois, agus tagairt d’údar mistéireach na bprofaí seo, an Captaen Seán Ó Raghallaigh. Ábhar an leabhair: Tuarasgbháil ar...
-
I dTír Strainséartha
Liam Mac Cóil€15.00In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí...
-
Nótaí ón Lár
Liam Mac Cóil€10.00Nuair a fuair an t-údar cuireadh óAn Aimsir Óg saothar a chur ar fáil a dhéanfadh ceiliúradh ar an teanga ghaeilge sa bhliain 2000, agus é sin a...