Eolas & Téarmaí

Sonraí Seachadta agus Seolta

Tá Leabhar Breac oscailte do ghnó ó Luan go hAoine. Seolaimid gach ordú a thagann isteach ónár gcustaiméirí taobh istigh de thréimhse dhá lá oibre, ar an bPost nó leis an gcomhlacht cúiréara Fastway.

Meastachán ar amanna seachadta:

Éire: 2-4 lá oibre
An tAontas Eorpach: 4 -10 lá oibre
Gach áit eile: seachtain-coicís

Mura mbeidh an táirge a ordaítear sa stoc déanfar teagmháil leis an gcustaiméir ar ríomhphost le scéala faoi stádas an ordaithe. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn maidir le horduithe ag eolas@leabharbreac,com

Táillí Seachadta

Déantar na costais seachadta a ríomh go huathoibríoch nuair atá ordú á dhéanamh, bunaithe ar mheáchan an orduithe agus ar an seoladh seachadta.

Éire (32 Contae)

0.00g — 250g €3.50

250g — 500g €4.50

500g — €7.00

An chuid eile den Eoraip

0.00g — 250g €4.90

250g — 500g €5.90

500g — €8.40

An Chuid Eile den Domhan

0.00g — 250g €4.90

250g — 500g €5.90

500g — €11.65

Leabhair a Chur ar ais nó Ordú a Chur ar Ceal

Déanaimid gach iarracht an custaiméir a shásamh. Má tá leabhair le seoladh ar ais, iarrtar ar an gcustaiméir teagmháil a dhéanamh linn taobh istigh de dhá lá agus cur síos a dhéanamh ar an ábhar míshásaimh. Ní mór na leabhair a sheoladh ar ais taobh istigh de sheacht lá. Sa chás go bhfuil ort táirge a sheoladh ar ais chugainn seolfaimid aisíocaíocht iomlán chugat nó seolfaimid cóip eile den leabhar ina áit. Ní dhéanfar aisíoc ar tháillí idirbheartaíochta ná ar phostas. Tuilleadh eolais: eolas@breacan.ie.

Sa chás go bhfuil ordú á chur ar ais mar gheall ar bhotún a rinneamar féin deanfar aisíoc iomláin ar na costais phoist. Sa chás go bhfuil leabhar lochtach á sheoladh ar ais déanfar aisíoc ar an gcostas poist agus seolfar leabhar nua ina áit gan aon chostas breise.

Faoi Pholasaí Rialaithe Chosaint Tomhaltóirí (Ciandíol) tá sé de cheart ag an gcustaiméir an conradh ceannacháin d’aon táirge a chur ar ceal taobh istigh de sheacht lá ón lá a fuair sé é.

Polasaí le ordú a chur ar ceal

Faoi Pholasaí Rialaithe Chosaint Tomhaltóirí (Ciandíol) tá sé de cheart ag an gcustaiméir an conradh ceannacháin d’aon táirge a chur ar ceal taobh istigh de sheacht lá ón lá a fuair sé é.