An tSean-Litríocht
Seanchas Gael: bailiúchán de mhórshaothair na seanlitríochta. Tá sé d’aidhm ag Leabhar Breac leaganacha breátha soléite de luathlitríocht na Gaeilge a chur ar fáil do léitheoirí ár linne.
Idir Fhiannaíocht agus Rúraíocht
Tá idir Fhiannaíocht (Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne, Cath Fionntrá agus Feis Tigh Chonáin), Scéalta ar Ghabháltas Éireann (Tuatha Dé Danann agus Éadaoin), Scéalta na Ríthe (Conaire Mór, An Tromdhámh agus Mé Suibhne) agus Rúraíocht (Táin Bó Cuailnge) anseo againn, chomh maith le greann ón 16ú haois An Ceithearnach Caolriabhach).
Ó Shraith na Teamhrach go Ceallach
In 2020 a chuir Diarmuid Johnson críoch lena mhórthriológ, Sraith na Teamhrach: Conaire Mór, Tuatha Dé Danann agus Éadaoin, agus a bhuíochas dó, tá trí cinn de mhórshaothair na luathlitríochta ar fáil do léitheoirí na linne seo. In 2022 tá súil lena shaothar nua, Ceallach.
Chugainn an Gheilt ón Luath-Litríocht Aniar
In 2021 foilsíodh Mé Suibhne, athinsint ar Buile Shuibhne. Téacs tábhachtach as canóin liteartha na hEorpa é an scéal mór seo de chuid na Gaeilge ina dtugtar grinnléargas tuisceanach den chéad uair riamh in aon cheann de theangacha neamhchlasaiceacha na hEorpa ar an ngeilt agus ar an lorg a fhágas an meabhairghalar ar a intinn is ar a dhán. Feargal Ó Béarra, údar An Tromdhámh, a scríobh.
-
Cath Fionntrá
Pádraig Ó Siochfhradha€14.00Nuair a bhíonn an uile thír faoina smacht ag Dáire Donn, Rí an Domhain, ach Éire amháin, cloiseann sé go bhfuil cúis ag Rí na Fraince ar Fhionn...
-
Díolaim Próis 1450-1850
Anraí Mac Giolla Chomhaill€15.00Sleachta as prós-scríbhneoireacht na Gaeilge sa ré 1450-1850 (faoi litriú na haoise seo) atá sa chnuasach breá seo le hAnraí Mac Giolla Chomhaill — maille le nóta beathaisnéise...
-
Mé Suibhne
Feargal Ó Béarra€16.00Mé Suibhne: Scéal faoin ngalar intinne, faoi mhaslú na hEaglaise, faoi oidhe íogair an duine. Scéal ina bhfuil na seacht dtéamaí uilíocha: an grá, an ghruaim, an duairceas,...
-
Feis Tigh Chonáin
Darach Ó Scolaí€16.00Nua-insint ar scéal Fiannaíochta a cumadh sa 15ú haois. Nuair a théann Fionn mac Cumhaill agus Diorraing amú i ndorchadas na coille castar i dteach a naimhde iad...
-
An Tromdhámh
Feargal Ó Béarra€16.00Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí — is...
-
Éadaoin
Diarmuid Johnson€16.00Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar...
-
An Ceithearnach Caolriabhach
Darach Ó Scolaí€20.00Athinsint bhreá ar an seanscéal, agus an mhaisíocht ag cur go mór le greann an scéil. Sa leagan nua seo den seanscéal — le peann, le scuab, agus...
-
Conaire Mór
Diarmuid Johnson€16.00Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — sceal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a...
-
Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne
Nessa Ní Shéaghdha€16.00Nuair a chuireann iníon an Ard-Rí Diarmaid ó Duibhne faoi gheasa bíonn air rogha a dhéanamh idir a onóir mar laoch agus a dhílseacht d'Fhionn agus don Fhiann....
-
Tuatha Dé Danann
Diarmuid Johnson€16.00Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is...