Breis is €3,000 atá bailithe anois ag an leabhrán ‘Ar son na Palaistíne’ agus tá cúpla seachtain fágtha sula gcuirfear críoch leis an bhfeachtas. Tá an leabhrán ar fáil ó cheann ceann na tíre — ón gCafé Liteartha sa Daingean go dtí an Cheathrú Póilí i mBéal Feirste.

I dtús na míosa seo, bronnadh dhá chóip den leabhrán le scríbhneoirí Ar Son na Palaistíne ar an gCorcaíoch Aoife Ní Mhurchú le tabhairt léi ar bord an Handala, tá Cóbh fágtha ag an Handala agus í ar a bealach go Gaza chun aghaidh a thabhairt ar léigear na nIosraelach ar an gcathair.

Orthu siúd atá ar bord, tá an Palaistíneach óg Rama, agus tá sí le feiceáil anseo ar an Handala amach ó Caleta de Velez agus iad ar a mbealach soir go Malaga — agus cóip den leabhrán ina láimh aici.

Naonúr de scríbhneoirí Leabhar Breac agus an dearthóir Caomhán Ó Scolaí atá páirteach sa bhfiontar deonach seo chun airgead a bhailiú do Phalaistínigh atá faoi ionsaí ag fórsaí Iosrael i nGaza. Is iad Diarmuid Johnson, Eilís Ní Anluain, Liam Mac Cóil, Proinsias Mac a’Bhaird, Colm Ó Ceallacháin, Cathal Ó Searcaigh, Antain Mac Lochlainn, Vincent Morley, agus Darach agus Caomhán Ó Scolaí atá páirteach ann

Clúdach paimléide, bratach na Palaistíne; pamphlet cover, Palestine flagAr na sleachta nua a scríobhadh go speisialta don leabhrán tá ‘Oiliúint’ le hAntain Mac Lochlainn, Deoraí le Proinsias Mac a’Bhaird, agus trí dhán le Cathal Ó Searcaigh, ‘Gaza’, ‘Níl Teitheadh i nDán Dúinn’ agus ‘Cathair na Mairgní’. Tá dán leis an bhfile Palaistíneach Refaat Alareer (a maraíodh in ionsaí Iosraelach anuraidh) aistrithe ag Colm Ó Ceallacháin don leabhrán, agus is sleachta as saothair nua  dá gcuid atá á bhfoilsiú ag na scríbhneoirí eile.

Paimfléad 16 leathanach A5 (nó bileog A2 fillte mar a bheadh léarscáil ann) atá sa leabhrán Ar Son na Palaistíne, agus é deartha go gleoite ag an dearthóir, Caomhán Ó Scolaí.

Bronnfar an t-airgead a bhaileofar ar Chorrán Dearg na Palaistíne.