0 Items

Déardaoin seo chugainn, 4 Lúnasa, seolfaidh an tOllamh Máirín Uí Dhonnchadha leabhar Fheargail Uí Bhéarra, Mé Suibhne — leabhar a bhfuil moladh faighte aici ó lucht critice is léirmheasa le cúpla mí anuas. Ag 6pm i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht sa Cheardlann ar an Spidéal a sheolfar an leabhar.

Máirín Ní Dhonnchadha, Mé Suibhne book launch “Leabhar uathúil álainn lán go barra le daonnacht”

Ag scríobh di in Tuairisc.ie, is é a dúirt Máire Ní Fhinneadha, “Is minic a bhínn in éad le Suibhne an Bhéarla agus é ag eitilt thart ó áit go háit ar a chomhairle fhéin agus mise i ngéibheann ag cúraimí an tsaoil ach bhí breall orm. Chuaigh fuacht is ocras Shuibhne go feirc ionam sa leagan seo, ghoin a uaigneas agus an coimhthíos mé, ghortaigh na deilgní mo chosa agus ar mo bhosa fhéin a bhí léasracha na ndriseacha. Mise agus an dúlra na teiripeoirí agus Suibhne ag nochtadh a chéasta dom – agus b’in é féin a thuig go rímhaith a chás, cás an uile dhuine.”

Feargal Ó Béarra author of Mé Suibhne

“Blas ársa agus comhaimseartha araon”

Ag scríobh dó sa pháipéar céanna, dúirt an Dr Dónall Ó Braonáin gurb “é an t-athrú nó an claochlú croí na scéalaíochta. Céard is cor don té a sheasann roimh leathadh na cumhachta agus céard a bhaineann dó? Spídiúlacht nó slánú? Sin iad na mórábhair thráchta a thagann chun cinn in imeacht scéal Bhuile Shuibhne agus teacht anois ar fhilíocht fhuinte agus leagan pras próis de, toradh ar athshamhlú críochnúil Fheargail Uí Bhéarra. Tá scrupall agus eitic i gcóiriú an uile fhocail agus sa dúthracht a dhéantar le scríobhaí Thír Oirill Dáibhidh Ó Duibhgeannáin. Is tráthúil gur thall sa mBruiséil atá cuid de bhloghra an bhunábhair – dánta a luaitear le Mo Ling san 11ú haois – agus éacht suntasach is ea an t-iarfhocal mar phíosa soilbhir léirmhínithe as féin. Is mór an áilleacht dearadh an chlúdaigh, an tiomnaithe agus na mbileog ceangail.”

Agus in Books Ireland, tá an leabhar molta ag Cathal Poirtéir: “It is a notable achievement for the author that the language in this twenty-first century version manages to echo the language and feel of the original while allowing the author to recast it to give readers an enjoyable and coherent story, handling both poetry and prose with sensitivity and imagination.”

Arsa an Ollamh Máirín Nic Eoin faoin saothar seo (ar bronnadh Gradam Aodháin Mhic Phoilín uirthi) “Ba mhór an pléisiúr an leagan seo a léamh, go háirithe de bharr chumas an údair teanga shaibhir an bhunsaothair a athshaothrú ar bhealach a fhágann blas ársa agus comhaimseartha araon ar an bhfriotal agus brí agus beocht san insint ó thús deireadh.
‘Is léir go bhfuil sárbhuanna scéalaíochta agus filíochta agus ceoil ag an údar agus tuiscint ar leith aige ar an scéal iomráiteach seo … Gona bhéim ar chomharthaí sóirt na heasláinte meabhrach, músclaíonn an t-athleagan seo ceisteanna bunúsacha faoin nádúr daonna, faoi ghnásanna na sochaí agus faoi theorainneacha na sibhialtachta.”

Ag trácht ar an saothar céanna di, dúirt an moltóir Oireachtais Róisín Ní Ghairbhí gur “leabhar uathúil álainn é seo, leabhar a thagann uair sa ghlúin de ghnáth. Leabhar é atá lán go barra le daonnacht, agus dá scolártha é, is í an daonnacht sin a raghaidh go smior sa léitheoir. Tá gaisce déanta agus mairfidh an saothar seo i bhfad.”

I Siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht a sheolfar Mé Suibhne ag 6pm Déardaoin 4 Lúnasa. Beidh fáilte roimh chách.