Your cart is currently empty!
Sadhbh
Sadhbh: 80 lch; clúdach crua; ISBN 978-1-913814-57-1
Ar fáil: Meán Fómhair 2025
An bhean óg a fhaigheann an ceann is fearr ar na fir
Tá Sadhbh ar cheann de na scéalta is breáithe atá againn ón tseanlitríocht. Athinsint atá sa phictiúrleabhar seo do léitheoirí fásta ar an seanscéal Ceasacht Iníon Ghuile, scéal cliste greannmhar a thugann tús áite do bhean óg a fhaigheann an ceann is fearr ar na fir — agus ar Rí Mumhan ach go háirithe.
Leabhar raibiléiseach grinn
Díol suntais an scéal mar go bhfuil príomhpháirt ann ag pearsa de chuid na staire, Féilimí mac Criomhthainn Rí Mumhan (+847). Is i bpáirt an rí ghaoismhear chríonna atá Féilimí agus is í Sadhbh an bhean óg a thugann a dhúshláin agus a fhaigheann beannú an rí i ndeireadh an scéil.
Ní hé amháin go bhfaigheann Sadhbh an ceann is fearr ar an seanrí críonna, ach faigheann sí an ceann is fearr freisin ar na fir a dhéanfadh beag di, rud a léirítear i radharc raibiléiseach i dtús an scéil.
Is é Darach Ó Scolaí a scríobh an leagan nua seo den scéal, agus is é an t-ealaíontóir Alé Mercado a rinne maisiú ar an leabhar.
You may also like…
-
Éadaoin
Diarmuid Johnson€16.00The story of Éadaoin is our finest Old Irish love story, a story that survived in fragments found in The Book of the Dun Cow and in The...
Add to cart -
Deirdre
Darach Ó Scolaí€18.00Deirdre: The story of Deirdre and the sons of Uisneach is one of Ireland's greatest tales. The oldest version is found in the 12th Century Book of the...
Add to cart -
Feis Tigh Chonáin
Darach Ó Scolaí€16.00Feis Tigh Chonáin: When Fionn mac Cumhaill and Diorraing go astray in the dark woods, they find themselves in the house of their enemy, thus beginning a night...
Add to cart -
An Ceithearnach Caolriabhach
Darach Ó Scolaí€20.00An Ceithearnach Caoilriabhach was written by an anonymous writer circa 1500. In this retelling of the story — with pen, brush, and rabelasian roars of laughter — the...
Add to cart