Your cart is currently empty!
Éalú
Éalú: Seo é scéal Chathail agus Vera (tuismitheoirí Líse — a casadh roimhe seo orainn san úrscéal Filleann Seoirse). Baineann an scéal le hóige Líse, agus le teaghlach óg i mBaile Átha Cliath sna 70dí agus 80dí. Caidreamh na dtuismitheoirí atá faoi chaibidil anseo: Cathal agus Vera, a bpósadh, obair agus aontíos, ceannacht tí agus athrú tí, agus teannas na lanúna.
I mBaile Átha Cliath a rugadh Eilís Ní Anluain agus is i mBré, Contae Chill Mhantáin atá a saol fásta caite aici.
Tá a húrscéal Filleann Seoirse sa dara cló anois agus tá sí ag obair ar a húrscéal nua Éalú faoi láthair agus tá súil leis sin sa bhliain 2024.
Tá Filleann Seoirse agus leabhair Ghaeilge eile ar fáil ónár siopa leabhar ar-líne agus ó na siopaí leabhar is fearr sa tír.
A ndúirt na léirmheastóirí faoi Filleann Seoirse:
“Úrscéal réadúil, liriciúil, liteartha scríofa ag Eilís Ní Anluain. Tá macallaí liteartha síos tríd — Ó Conaire agus Ó Cadhain, Lawrence, Eliot agus Frost — agus bean lárnach an scéil ar tinneall ó thús deireadh.” — An tOllamh Angela Bourke, Comhar
Is beag úrscéal mar seo atá againn sa nGaeilge — úrscéal teaghlaigh. Táim ag smaoineamh siar ar Tonn Tuile, scéal ina bhfuil pósadh ag titim as a chéile. Ach anseo tá beirt nach bhfuil iontach sona le chéile, ach atá sásta cur suas le chéile, sásta dul ar aghaidh le chéile. Agus sa méid sin tá sé an-réalaíoch.” — An tOllamh Alan Titley, Comhluadar na Leabhar, Raidió na Gaeltachta
“Iarracht nuálach ionraic é an t-úrscéal Filleann Seoirse ar intinn mhná óige a léiriú agus í ag streachailt le saol an phósta agus an dúil atá aici in ógfhear álainn.” — An Dr Aingeal Ní Chualáin, Feasta
“Ní Anluain’s ability to catch day-to-day life and nuanced feeling is enviable, and she has craſted a very contemporary dialect but one in which the mother tongue is not bleached out of all recognition. And while there is much to admire in her story, equally exciting are the authority and grace with which she writes it. Here is an accomplished author. One looks forward to her next book.” — Pól Ó Muirí, The Irish Times
You may also like…
-
An Dochtúir Áthas
Liam Mac Cóil€12.50This first novel by Liam Mac Cóil, An Dochtúir Áthas, is a sophisticated detective novel that introduces us into the world of psychoanalysis and brings us into the...
Add to cart -
Fiche
Colm Ó Ceallacháin€16.00In the summer of 1969, on the beaches of west Cork. three young people are brought together, three people whose lives are fundamentally changed when a fourth person,...
Add to cart -
Filleann Seoirse
Eilís Ní Anluain€15.00Filleann Seoirse: A lyrical, thoughtful and literary novel set in a seaside town in today’s Ireland. Told in the voice of a young woman, Lís, whose home life...
Add to cart -
Marbhnaí Duino
Rainer Maria Rilke & Máire Mhac an tSaoi€15.00Rilke has found a fitting translator in Máire Mhac an tSaoi. Not only does she translate the accomplishment and the ambition of the original German poem, she also...
Add to cart