1 Item

Aiséirí

Alex Hijmans

16.00

Cois Life: 156 lch; clúdach bog; ISBN 978 1 907494 02 4

Teach caifé é Aiséirí i gcathair na Gaillimhe. Nuair a théann Rebekka ag obair ann athraíonn a saol féin ó bhonn. Ealaíontóir óg, anamúil í as an Ísiltír a chuireann anam agus brí nua sa chaifé Gaelach. Tá cultúr an tí chaifé san fhuil aici. Trí shúile Rebekka a fhaighimid spléachadh úr ar shaol na Gaillimhe. Teaghlach cathrach comhaimseartha, idirnáisiúnta, soghluaiste atá i bpobal Aiséirí – ní custaiméirí amháin iad – agus is ina measc siúd a chaitheann sí léargas níos iomláine a fháil uirthi féin agus ar an méid a thug go Gaillimh an chéad uair í. Úrscéal faoi idéalachas, faoi dhlseacht, faoi ghrá … agus faoi chaife.