1 Item

Na Comharthaí

Darach Ó Scolaí

18.00

240 pages; (hdbck) ISBN: 978-0-898332-86-5

GEARRLIOSTA ‘LEABHAR NA BLIANA 2015’ LACÁISTE SPEISIALTA €15

Combining the taut action-pacing of a thriller and the reflective depth of the literary novel, Darach Ó Scolaí has written a book to follow in the heels of his prize?winning best?seller An Cléireach. In this heady paranoic thriller set in a contemporary world of postmodernist conspiracies and cults, we meet Joe, a man trained in servility, as he sets off to serve ‘better masters’. Following in his footsteps we set from Dublin to Paris to Istanbul  as Joe rushes headlong towards his destiny.

“Saothar soifisticiúil é seo a thagann i dtír ar mhiotas na muintire chun scéal a dhéanamh orainn féin sa ré seo … Téacs saibhir ardchumasach é Na Comharthaí arbh fhiú a léamh arís agus arís eile … Má tá cinseal scríbhbneoireachta próis againn faoi láthair baineann Darach Ó Scolaí go láidir le piardaí comhaimseartha eile fearacht Phádraig Uí Shiadhail, Thomáis Mhic Shíomóin, agus Liam Mhic Cóil.”  — Dónall Ó Braonáin, COMHAR

“Seod eile litríochta curtha ar fáil ag an bhfear ildánach seo…. Tá lón machnaimh sa léargas a thugann an t-úrscéal don léitheoir ar bhuncheisteanna fealsúnachta ar nós cad is saoirse ann, cad is umhlaíocht ann, cad is cinniúint ann.”
— Meidhbhín Ní Úrdail, FEASTA

“Tá aithne mhaith cheana ar Dharach Ó Scolaí mar údar an duaisúrscéil An Cléireach agus mar athchruthitheoir Táin Bó Cuailgne, ar gaisce míorúilteach scríbhneoireachta é a rabhamar ag feitheamh leis le fada.

“Conair eile ar fad atá á leanúint aige san  úrscéal seo Na Comharthaí a bhaineann le saol comhaimseartha na hÉireann, fág go bhfuil smuit de thall thairis sa Ghréig agus sa Tuirc. Fear óg é Jó, neach inste an scéil, a shíleann go bhfuil cinniúint áirithe amach roimhe agus tá ag lorg na gcomharthaí a nochtfaidh an chinniúint sin dó. Tagann na comharthaí seo chuige i measc a chairde, ar scoil, ar an ollscoil, ina chuid léitheoireachta, ar bhláth na sceiche féin.

“Tá i ndán dó, dar leis, a bheith ina ‘Ghiolla Rí’, rud a fhágann nach foláir dó a bheith umhal ina phearsa agus an rí ceart a lorg agus a fháil.

“Dá réir sin is scéal turais lorgaireachta é seo i measc baicle neamhchoitianta daoine ar fud sráideanna agus pubanna Bhaile Átha Cliath agus Chonamara, turas siar san mhiotaseolaíocht, turas seandálaíochta, turas litríochta (sean agus nua), agus go deimhin féin, turas grá.” — Alan Titley, Tuairisc.ie

Out of stock