Léann 3

Cumann Léann na Litríochta

15.00

Léann 3: 118 lch; bog; ISSN 1756-204X

Iris phiarmheasta í Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus thaighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 3 taighde ar an athbheochan, ar an nua-aoiseacht, ar an bhfoclóir, agus ar an nua-litríocht.

Aighneas na Nuachtán

‘Acadamh Énrí Uí Mhuirgheasa: Aighneas idir An Claidheamh Soluis agus The Leader, agus Tráchtaireacht i Nuachtáin Eile’ is ábhar do Chonchúr Mag Eacháin. Agus is ‘Gnéithe de Stór Focal Mháirtín Uí Chadhain’ atá faoi chaibidil ag Cathal Ó Háinle.

Caint na nDaoine agus an Nua-Aoiseacht

Agus ‘Séadna agus Abhráin Grádh Chúige Connacht: Caint na nDaoine, an Meon Gaelach agus an Nua-Aoiseacht’ is ábhar don aiste le Liam Mac Mathún.

Shrapnel ar Seachrán

Comparáid idir úrscéal Albanach agus úrscéal Éireannach is ábhar do Mháire Ní Annracháin ina haiste ‘Fuíoll Fuine agus Shrapnel: Scéalta Seachráin’.

Comhfhiontar é Léann 4 idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ollscoil Luimnigh. Is iad Cumann Léann na Litríochta a chuireann an iris in eagar.

Féach Léann 4

Féach Léann 5

Féach Léann 6

Léigh léirmheas ar Léann 6 in ComharTaighde