1 Item

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Téacsanna Teagaisc don Ghaeilge

Feargal Ó Béarra, Arndt Wigger & Gisbert Hemprich

27.50

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Téacsanna Teagaisc don Ghaeilge; 144 pp & CD; pbk; 978-3-942002-49-3

Rogha de na ceachtanna a chum an Cadhnach i seascaidí an chéid seo caite chun an Ghaeilge a theagasc atá sa leabhar seo, mar aon le haistriúchán Gearmáinise agus aistriúchán Béarla.

Áis Iontach don Léitheoir

Ag labhairt dó faoin togra, dúirt an Dr Gisbert Hemprich, cathaoirleach an Studienhaus für Keltische Sprachen und Kulturen (an SKSK) gur áis iontach atá sa leabhar agus sna taifeadtaí.

Cré na Cille á Léamh ag an Údar

“is luachmhar ar fad an cnuasach seo ina bhfuil ailt ghearra teagaisc, sleachta as cleachtaí gramadaí agus foghraíochta, móide agallaimh agus aiste ag Micheál Ó Siadhail ar an gCadhnach mar léachtóir. Tá na sleachta Gaeilge ar fad aistrithe go Béarla. Fairis sin ar fad tá dlúthdhiosca (is ea, úsáidtear dlúthdhioscaí fós!) ina bhfuil an t-údar á léamh, agus mar sméar mhullaigh sliocht as tús Cré na Cille á léamh aige go tomhaiste glanbhriathrach.” —Alan Titley, Tuairisc.ie

“Chomh maith le modhanna múinte an Chadhnaigh, tugtar spléachtaí ar ghnéithe eile dá chuid oibre – a chumas uathúil ceapadóireachta ina bhfuil an greann, an áiféis, agus an spochadh lárnach, a stór mór eolais ar a chanúint, ar an mbéaloideas, ar a chuid léitheoireachta féin, ar a dhearcadh polaitiúil, ar a thuiscint ar nádúr an duine, agus ar a shamhlaíocht as cuimse. Cuireann na léaráidí spraíúla le Art Hughes barr smaise ar na leabhair seo agus tá curach bhán publications le moladh as a shlachtmhaire atá an dá leabhar.” — Fidelma Ní Ghallchobhair, Comhar

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Téacsanna Teagaisc don Ghaeilge agus leabhair Ghaeilge eile ar fáil ónár siopa leabhar ar-líne,

Léigh an léirmheas ar Tuairisc

Léigh an léirmheas ar Comhar