“Tá an-tábhacht leis na gradaim,” arsa Diarmuid Johnson inné, ar chloisteáil dó go raibh a úrscéal Ceallach áirithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana.”

Is i dteannta a chéile is fearr sinn

Clúdach | Ceallach“Bíonn sé de sprioc ag an scríbhneoir agus an an bhfoilsitheoir saothair mhaithe a chur os comhair an phobail, agus is cuid den obair sin atá sna comórtais liteartha. Cuireann sé áthas ar mo chroí aird a bheith ar mo leabhar féin, agus tréaslaím a saothar leis na scríbhneoirí agus na foilsitheoirí eile chomh maith.

“Dar ndóigh, is iomaí leabhar a fhoilsítear, agus ná cuireadh sé lagmhisneach ar dhuine ar bith gan a shaothar féin a bheith ar liostaí na bliana seo. Is i dteannta a chéile is fearr sinn: aon phobal foilsitheoireachta, scríbhneoireachta agus léitheoireachta amháin, pobal ilghnéitheach ildánach.

“Maidir le Ceallach,” arsa an t-údar, “is leabhar ar leith atá ann sa méid go bhfuil trácht ann ar ghné de sheandúchas na hÉireann agus na hEorpa araon, scéal buan marthanach a bhainfidh macalla as an gcoinsias náisiúnta go ceann blianta fada. Mo bhuíochas le Leabhar Breac as ucht a gcuid tacaíochta, agus oiread eile le lucht an Oireachtais as ucht an dua agus an díchill a dhéanann siad ar son na litríochta.”

I mBaile Átha Cliath, i ndeireadh mhí Mheán Fómhair a fhógrófar buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin.

Leabhar Álainn a Léifear le Práinn

Ag trácht ar an leabhar do Mháire Ní Fhinneadha ar Tuairisc is é a dúirt sí, “Seo leabhar álainn a léifear go minic le cion is práinn … Ní bíobla lán soiscéalta is aitheanta atá anseo ach dialann taistil tráth nárbh éasca … “Sinn caite cnámhach, sinn caolghiallach, ceannscáinte, sinn criosfháiscthe cnagchosach, sinn cuasphlucach críonghéagach. Lorg síne agus slí orainn.

Cillín ar Imeallchríocha na Críostaíochta

Sa bhliain 591, chuaigh buíon manach as Beannchar ar eachtra go himeallchríocha na Críostaíochta ag craobhscaoileadh bhriathar Dé. Is é Columbanus Naomh ba cheann feadhna orthu. I measc na ndeisceabal a thug cúl le dúchas in éineacht leis, bhí cléireach darbh ainm Ceallach.

Tar éis aistear eipiciúil mara, seachrán agus cruatan, bhunaigh Columbanus agus Ceallach mainistreacha in oirthear na  Fraince agus i ndeisceart na Gearmáine. Ach tharla easaontas eatarthu, agus rinne Ceallach cill dá chuid féin ar an uaigneas. Sankt Gallen is ainm do láthair na cille sin inniu – cathair agus ionad léinn i dtuaisceart na hEilvéise.

Portráid den údar | portrait of the authorScéal Cheallaigh: “Rich Poetic Language”

Is é scéal na hEorpa atá sa leabhar seo, agus tá cuid de scéal na Gaeilge ann chomh maith, agus de scéal na comaoine a chuir lucht na Gaeilge ar shaoithiúlacht na hEorpa míle go leith bliain ó shin. Cé nár fhill Ceallach ar Éirinn lena bheo, tá scéal a bheatha slán arís.

Ag trácht ar an leabhar san Irish Times, is é a dúirt Áine Ní Ghlinn,.“The rich, poetic language draws us beautifully into Ceallach’s world.”

Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie

Léigh sliocht as an leabhar

Léigh “Mé Ceallach: Ag seo mo Scéal” san iris Nós