Faoi dheireadh is faoi dheoidh tá an t-eagrán is deireanaí d’iris Chumann Léann na Litríochta i gcló. Seo é an seachtú himleabhar den iris scolártha Léann. Ar na hábhair atá faoi chaibidil in Léann 7 tá Franz Kafka agus Máirtín Ó Cadhain, nathanna na Gaeilge, saothar Phádraig Uí Chíobháin, dán adhmholta ón 15ú haois d’Éinrí Ó Néill, agus feidhmeannach agus biataigh Thír Eoghain sa 16ú haois.
Is é an príomhchuspóir atá ag Cumann Léann na Litríochta plé a spreagadh ar stair, ar chúlra, agus ar chritic litríocht na Gaeilge (idir shean agus nua) is ar réimsí gaolmhara: an béaloideas, an amhránaíocht agus araile. Agus ar an saothar taighde atá in Léann 7, iris an chumainn, tá aistí a bhaineann le gnéithe éagsúla de litríocht na nGael.
Franz Kafka agus eochair na teanga
Ina aiste ‘Glais agus Eochracha: ‘An Eochair’, Franz Kafka agus Ceist na Teanga’ pléann Radvan Markus an nasc idir an gearrscéal ‘An Eochair’ de chuid an Chadhnaigh agus saothar Franz Kafka. Aimsítear na bunchosúlachtaí idir an bheirt scríbhneoirí ina dtaithí phearsanta ar chórais mhaorlathais, ach ar leibhéal níos doimhne freisin, ag leanúint ráiteas Milan Kundera go ngintear an Kafkachas nuair a dhéanann cumhacht shaolta Dia di féin.
Murab ionann agus saothar Kafka, ámh, tá fórsaí ar leith ag cur i gcoinne an chórais neamhphearsanta in ‘An Eochair’. Breathnaítear ar an léiriú inscne sa scéal agus cíortar an chodarsnacht idir teanga údarásach (ach áiféiseach) na státseirbhíse agus réimsí eile teanga a úsáidtear sa téacs. Faightear leaganacha éagsúla na codarsnachta seo ar fud shaothar Uí Chadhain agus is tríd an toise teanga is féidir linn tuilleadh cosúlachtaí a aimsiú idir Ó Cadhain agus scríbhneoirí eile Phrág, Jaroslav Hašek agus Václav Havel.
Dar le Markus, chreid an Cadhnach “i ndúshraith neamhfhoirméalta raibiléiseach na teanga agus is minic a d’úsáid sé í chun neamhéifeacht agus postúlacht na n-údarás a ionsaí. In ainneoin ghruaim ‘An Eochair’, is féidir dóchas agus sprid cheannairce a aimsiú in éagsúlacht na teanga sa scéal. Níor éirigh leis an suirbhéir talún K. teacht isteach sa ‘Schloss’ [caisleán] de bharr daingne agus áiféis an chórais, agus ar na cúiseanna céanna, níor osclaíodh ‘Schloss’ [glas] oifig J. in am. Ach is féidir le teanga shaor, atá éagsúil inti féin, teacht isteach i ‘Schlossanna’ de gach chineál, iad a bhriseadh agus a oscailt.”
Pádraig Ó Cíobháin agus saoirse na mban
Ina aiste siúd, tugann Peter Weakliam aghaidh ar ghné amháin de shaothar Phádraig Uí Chíobháin, mar atá an plé a dhéanann an t- údar ar shaoirse na mban. Anailís is ea ‘Saothar Phádraig Uí Chíobháin agus Saoirse na mBan’ ar an bplé a dhéanann Pádraig Ó Cíobháin ar shaoirse na mban ina chuid úrscéalta agus gearrscéalta. Déantar iniúchadh san alt ar na rudaí éagsúla a chuireann srian le saoirse charachtair bhaineanna Uí Chíobháin. Baintear leas as coincheapa lárnacha de chuid an dioscúrsa fheiminigh – féachaint an fhir, an eileacht, agus an phatrarcacht ina measc – chun cuntas beacht a thabhairt ar na srianta seo. Tarraingítear chomh maith ar an idirdhealú a dhéanann fealsúna idir saoirse dhiúltach agus saoirse dhearfach, agus pléitear na cinntí a dhéanann carachtair bhaineanna Uí Chíobháin i bhfianaise an idirdhealaithe sin.
Tugann Peter Weakliam aghaidh freisin ar scoláirí a cháineann an léiriú a dhéanann an Cíobhánach ar shaol na mban mar léiriú aontoiseach, agus áitíonn sé orainn go dtugann Ó Cíobháin cuntas cruinn caolchúiseach dúinn ar chuid de na rudaí a chuireann srian le saoirse na mban, agus go deimhin gur scríbhneoir feimineach é an Cíobhánach, a bhfuil sé mar aidhm aige ár n-aird a tharraingt ar an leithcheal a dhéantar ar na mná sa saol réadúil.
Cora cainte na Gaeilge agus an oidhreacht chultúrtha
Cuireadh bonn faoin taighde frásaíochta, is é sin, an taighde a dhéantar ar an teanga fhoirmleach, nuair a foilsíodh an leabhar Traité de Stylistique Française le Charles Bally sa bhliain 1909. Cé gur réimse aitheanta taighde é réimse na frásaíochta inniu, is beag taighde sonrach frásaíochta a rinneadh ar an nGaeilge go nuige seo.
Áirítear an anailís a dhéantar ar nathanna, nó ar chora cainte, mar ghné lárnach den taighde frásaíochta sa lá atá inniu ann agus cíortar an nasc idir cúrsaí cultúir agus nathanna na Gaeilge san alt seo. Déantar iarracht léargas a thabhairt ar an gcaoi a gcaomhnaítear gnéithe den oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe i nathanna na Gaeilge. Chuige sin, dírítear ar thagairtí idirthéacsúla sa nualitríocht chun an nasc frásaíochta idir cúrsaí cultúir agus nathanna na Gaeilge a scrúdú
Ina halt ‘An Cultúr Ceilte i Nathanna na Gaeilge’, díríonn Katie Ní Loingsigh forléargas ár n-aird ar an tábhacht chumarsáide a bhaineann leis an bhfrásaíocht agus leis an teanga fhoirmleach, ní hamháin sa chaoi a gcaomhnaítear eolas cultúrtha na teanga inti, ach sa chaoi a n-aithníonn duine é féin mar bhall de phobal ar leith nuair a bhaintear leas as frásaí coinbhinsiúnacha nó as an teanga fhoirmleach.
An stair á ríomh i nduanaire Uí Néill
Sa bhliain 1435, baineadh a lámha is a gcosa de Bhrian Óg Ó Néill agus dá chlann mhac de thoradh ar aighneas le Rí Thír Eoghain (Eoghan Ó Néill). Sárú ar dhlí na haimsire ab ea é seo sa mhéid is go raibh Brian agus a chlann faoi choimirce an fhile, Conchobhar Ruadh Mac Con Midhe. Chum Conchobhar aoir ar na daoine a rinne ionsaí ar Bhrian, ach cuireadh an file ar deoraíocht dá bharr. Tamall de bhlianta tar éis na heachtra, rinne an file iarracht ar theacht chun réitigh le teaghlach ríoga Thír Eoghain.
San aiste seo, ‘Dán i nDuanaire Éinrí Uí Néill (†1489): Cúlra, Comhthéacs, agus Anailís’ pléann Gordon Ó Riain leis an eachtra, na dánta a d’eascair aisti, agus leis an aoir sa Nua-Ghaeilge Mhoch. Dánta a cumadh in ónóir d’Éinrí Ó Néill atá faoi chaibidil, mar aon le dán eile a bhfuil baint aige lena chúlra. Léiriú atá sna dánta sin ar ghné de stair pholaitiúil Chúige Uladh sa 15ú haois agus ar imeachtaí i saol Éinrí Uí Néill, agus léiriú freisin ar stair shóisialta na tíre i ngeall ar na tuiscintí atá le baint as an dán seo faoi ghnéithe den chaidreamh idir filí agus pátrúin
Feidhmeannach de chuid seanteaghlaigh an Tiarnais
Ardfheidhmeannach de chuid Uí Néill ab ea Pádraig Óg Ó Maolchraoibhe (fl. 1542-52). Cé gur sheanteaghlach de shliocht Néill Naoighiallaigh a mhuintir, ní léir ó na fianaisí atá tagtha slán anuas chugainn go raibh fearann dá gcuid féin ag na Maolchraobhaigh. Ach trí ghrinnléamh ar an gcúram a leagtar ar an teaghlach in Ceart Uí Néill agus trí chomparáid a dhéanamh idir é sin agus an cur síos atá againn ar bhiataigh, agus ar Chlann Mhánasa i bhFear Manach ach go háirithe, taispeántar gur rídhócha gurbh iad a bhí ina mbiataigh ag Ó Néill ar a fhearann boird i nDún Geanainn, agus go raibh Ó Néill fós ag brath ar na teaghlaigh dhúchasacha chun oifigigh a chur ar fáil dá fheidhmeannas sa 16ú haois.
San aiste ‘Pádraig Óg Ó Maolchraoibhe agus a Mhuintir: Feidhmeannach agus Biataigh’ tugann Darach Ó Scolaí léiriú dúinn ar an bhfeidhmeannach Pádraig Óg Ó Maolchraoibhe, duine uasal pribhléidithe a bhain le teaghlach a bhí, dar leis, ina mbiataigh d’Ó Néill i ndúiche Dhún Gheanainn le cúpla céad bliain, agus a raibh déileáil ar son Uí Néill le Gaeil is Gaill aige (tráth dá raibh plé ar bun go leanúnach idir an tiarna sin agus Rí Shasana),
Is iad na heagarthóirí Micheál Ó Mainnín, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus Rióna Ní Fhrighil a thug Léann 7 ar an bhFód!