Léann 7

Cumann Léann na Litríochta

20.00

Léann 7: 152 lch; bog; 978-1-913814-49-6

Réamhordaigh ar lascaine speisialta go dtí 31 Feabhra

San eagrán seo de Léann, déantar comórtas idir saothar Mháirtín Uí Chadhain agus saothar Franz Kakfa; pléitear an nasc idir cúrsaí cultúir agus nathanna na Gaeilge; déantar léamh feimineach ar shaothar Phádraig Uí Chíobháin; déantar mionanailís ar an dán Cionnas do roichfinn rí Oiligh; agus tugtar cuntas grinn ar Phádraig Óg Ó Maolchraoibhe, feidhmeannach de chuid Uí Néill.

Kafka agus Ó Cadhain

San eagrán seo, san alt ‘Glais agus Eochracha: ‘An Eochair’, Franz Kafka agus Ceist na Teanga’ déanann an scoláire Seiceach Radvan Markus comórtas idir saothar Mháirtín Uí Chadhain agus saothar Franz Kakfa.

Pádraig Ó Ciobháin agus Saoirse na mBan

Ina halt ‘An Cultúr Ceilte i Nathanna na Gaeilge’ pléann Katie Ni Loingsigh an nasc idir cúrsaí cultúir agus nathanna na Gaeilge.

Tugann Peter Weakliam léamh feimineach dúinn ar shaothar Phádraig Uí Chíobháin ina alt siúd, ‘Saothar Phádraig Uí Chíobháin agus Saoirse na mBan’.

Niallaigh Thír Eoghain

Ina alt tathagach ‘Dán i nDuanaire Éinrí Uí Néill (†1489): Cúlra, Comhthéacs, agus Anailís’, déanann Gordon Ó Riain mionanailís ar an dán ‘Cionnas do roichfinn rí Oiligh’.

Agus ina alt siúd, tugann Darach Ó Scolaí cuntas grinn dúinn ar Phádraig Óg Ó Maolchraoibhe, feidhmeannach de chuid Choinn Bhacaigh Uí Néill.

Is iad Rióna Ní Fhrighil, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus Mícheál B. Ó Mainnín eagarthóirí Léann 7.

Iris phiarmheasta é Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus taighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 7 taighde ar fhilíocht, ar dhrámaíocht agus ar ghearrscéalaíocht na Gaeilge. Comhfhiontar é Léann idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na Gaillimhe, agus Ollscoil Luimnigh. Is iad Cumann Léann na Litríochta a chuireann an iris in eagar.

Féach Léann 6