Léann 6

Cumann Léann na Litríochta

20.00

Léann 6: 120 lch; bog; 978-1-913814-15-1

Iris phiarmheasta í Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus thaighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 6 taighde ar fhilíocht, ar dhrámaíocht agus ar ghearrscéalaíocht na Gaeilge.

Mionanailís ar Ghearrscéalta Mháiréad Ní Ghráda

San eagrán seo, déanann Mícheál Mac Craith mionscrúdú ar chaoineadh a cumadh in ómós an Bhanphrionsa Gwendoline Talbot Borghese (1817-1840) san alt ‘An Dán Gaeilge ab Fhairsinge Dáileachán: Caoineadh an Bhanphrionsa Gwendoline
Talbot Borghese (1841)’

Ina halt ‘In Aghaidh na Díchuimhne: Dúshlán Mháiréad Ní Ghráda do Mhórscéal Fearúil Réabhlóid na hÉireann’, déanann Síobhra Aiken iniúchadh ar an gcnuasach gearrscéalta An Bheirt Dearbhráthar agus Scéalta Eile (1939) le Máiréad Ní Ghráda agus tógann sí ceisteanna faoi na nithe a fhágtar ar lár ó scéal oifigiúil Chogadh na Saoirse,

Michael Davitt agus 9/11

Ag tarraingt ar shaothar Mhichael Davitt agus Chathail Uí Shearcaigh, déanann Laoighseach Ní Choistealbha mionanailís ar léiriú 9/11 agus an chogaidh in aghaidh na sceimhlitheoireachta i bhfilíocht na Gaeilge in ‘Ó Thalamh Zero go Talamh na hIaráice:
9/11 agus an Cogadh in aghaidh na Sceimhlitheoireachta i bhFilíocht na Gaeilge’.

An Drámaíocht faoin Spotsolas

Agus ina n-alt siúd ‘An Drámaíocht Aistrithe faoin Spotsolas: Cás na Gaeilge agus Teangacha Eile’ cuireann Jamie Murphy agus Ciarán Mac Murchaidh an drámaíocht aistrithe faoin spotsolas trí tharraingt ar chreatlach anailíse idirnáisiúnta le cás na Gaeilge agus teangacha eile a fhiosrú.

Comhfhiontar é Léann 6 idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ollscoil Luimnigh. Is iad Cumann Léann na Litríochta a chuireann an iris in eagar.

Léigh léirmheas ar Léann 6 in ComharTaighde